Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

1:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Maidir leis an 19 ceantair Gaeltachta, tá siad go léir lonnaithe taobh istigh de cheantair aitheanta Gaeltachta. Ní smaoineamh úr é 19 ceantair Gaeltachta a bheith ann, mar tá Údarás na Gaeltachta ag plé ar bhonn teanga leis na 19 ceantair seo le 30 bliain anuas. Táimid anois ag díriú isteach ar cheantair ansin a bhfuil taithí acu a bheith ag obair le chéile agus a bheith ag comhoibriú leis an údarás. Ar ndóigh, beidh cinnteofar na ceantair sna rialacháin a dhéanfar nuair a rachaidh an Bille tríd an Teach. Tá a fhios agam go bhfuil ceantar anseo agus ceantar ansiúd agus gur mhaith leo athruithe beaga. Sin an fáth go bhfuil oifigigh na Roinne amuigh i láthair na huaire ag dul ar fud na tíre agus ag éisteacht le muintir na Gaeltachta agus leis na heagraíochtaí. Más gá leasuithe a dhéanamh anseo agus ansiúd, beidh sin sna rialacháin. Níl insan Bille ach deis dúinn na rialacháin a thabhairt isteach agus iad a chur i bhfeidhm.

Labhair an Seanadóir faoin staidéar teangeolaíoch agus na ceantair teanga A, B agus C agus mar sin de. Níl a fhios agam an aontódh fiú an Seanadóir é féin leis na catagóirí go léir a rinne an staidéar teangeolaíoch. Tá aithne mhaith aige ar cheantar Rann na Feirste. Tá mé féin im chónaí in aice leis. Ní shílim go bhfuil duine ar bith nach n-admhódh go bhfuil scoth na Gaeilge i Rann na Feirste, ach ní raibh sé i gcatagóir A ar chor ar bith. Bhí sé i gcatagóír B nó C agus bhí raic uafásach ann de bharr sin. Rud amháin é a rá linn cloí le sin, ach bhí deacrachtaí le sin a dhéanamh, ní amháin i Rann na Feirste ach in áiteanna eile. Tá na feidhmeannaigh amuigh anois. Tá siad suas i dTír Chonaill inniu agus bhí siad thiar inné. Tá siad ag dul thart le dearcadh an phobail a fháil. Maidir leis na pleananna teanga seo, is pleananna an phobail iad. Ní pleananna Údarás na Gaeltachta iad, pleananna an phobail féin.

Labhair an Seanadóir Ó Clochartaigh faoi scéim labhartha na Gaeilge. Níl an scéim sin ann a thuilleadh mar rinneadh cineadh deireadh a chur leis an scéim. Rinneadh an cinneadh sin sular tháinig mé féin isteach sa Roinn. Déarfaidh mé seo áfach, dá ma rud é gur éirigh leis na scéim sin, a bhí ar bun le idir 60 agus 70 bliain, an cuspóir a bhí aige a bhaint amach, ní bheadh aon ghá inniu le Bille Ghaeltachta mar bheadh muintir na Gaeltachta go léir ag labhairt na Gaeilge. Mar atá a fhios againn anois, sa daonáireamh deireannach tá 96,000 duine ina gcónaí sna ceantair Gaeltachta - chuaigh an méid in airde - ach ní labhraíonn ach 23,000 acu sin Gaeilge go laethúil, duine as gach ceathrar. Tá a fhios againn go léir go bhfuil ceantair sa Ghaeltacht atá níos laige ná ceantair eile agus ceantair atá níos láidre ná ceantair eile. Táimid ag iarraidh na ceantair aiceanta a thabhairt le chéile ionas go mbeidh an taobh láidir, an áit ina bhfuil an Ghaeilge fréamhaithe, in ann tionchur a imirt ar an dream eile agus an caighdeán a thabhairt aníos de réir a chéile. Sin an rud atá i gceist againn. Tá seanfhocal sa Ghaeilge: "Ar scáth a chéile a mhaireann na sléibhte." Is cinnte gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus gur ar scáth a chéile a mhairfidh an Ghaeilge agus muintir na Gaeltachta. Tá mise lán sásta.

Inné chaith mé cúpla uair a chloig i gCluain Dolcáin, bruachbhaile do Bhaile Átha Cliath. Chuala mé trácht ar Chluain Dolcáin agus an obair iontach atá á dhéanamh acu ansin maidir leis an Ghaeilge agus an teanga. Chuaigh mé amach ansin inné le cuid d'oifigigh na Roinne agus caithfidh mé a rá go ndeachaigh an méid atá ar siúl amuigh ansin i bhfeidhm go mór orm. Tá Áras Chrónáin ansin ag freastal ar an phobal, ó na daoine óga go dtí na daoine meán aosta agus seandaoine. Tá imeachtaí Gaeilge ar siúl, ceol, cultúr, traidisiún agus teanga ag sul ar aghaidh ansin seacht lá na seachtaine. Níor tháinig éinne ann as an Ghaeltacht nó as aon áit eile ach ó phobal Chluain Dolcáin agus chuaigh siad agus an áras i bhfeidhm go mór orm de bharr an méid Gaeilge a bhí le feiceáil agus na comharthaí Gaeilge a bhí ann. Tá 1,200 dalta ansin, there are 1,200 boys and girls in that area of Clondalkin. Bhí mé ag caint le fear ó Chonradh na Gaeilge faoi seo agus d'aontaigh sé liom go bhfuil an-obair á dhéanamh ansin, gan brú orthu ó éinne. D'fhéadfaí a rá go bhfuil Gaeltacht ansin. Tá líonra Gailge ann agus tá na buachailly agus na cailíní ansion ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge agus chuaigh sin i bhfeidhm go mór orm.

Ní raibh na daoine seo ag brath ar Bhille na Gaeilge, ní raibh siad ag brath ar Bhille na Gaeltachta, ní raibh siad ag brath ar an Rialtas ná ní raibh siad ag brath ar Dinny McGinley, Pat Carey ná Éamon Ó Cuív. Rinne siad féin an rud atá déanta acu. Caithfidh muid anois féachaint an féidir linn an deathoil agus an deamhéin sin don teanga atá ar fud na tíre a thabhairt linn. We must harness that good will, that understanding and that sympathy for the language that I found in Clondalkin. We must try to harness that, but not through coercion. We must ask the people to make up their own minds, while offering them all the advice and help we can, and let them do it themselves. That has been proved.

Bhí mé i mBeanntraí trí seachtain ó shin ag oscailt Gaelscoile, cé nach bhfuil Beanntraí sa Ghaeltacht. Tá 200 dalta sa scoil sin agus bhí na tuismitheoirí ag an oscailt. Níor thug éinne ordú dóibh Gaeilge a labhairt, ach fós dúirt na tuismitheoirí go raibh siad ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Fuair siad scoil úr agus bhí daltaí ann ó trí nó ceithre bliana d'aoise suas go dtí 12 agus iad ag labhairt na Gaeilge go nádurtha. Ní raibh coercion ná brú orthu. Tháinig siad go deonach as a stuaim féin. Tá an rud atá ag dul ar aghaidh i gCluain Dolcáin agus Beanntraí ag dul ar aghaidh ar fud na tíre. Tá idir 150 agus 200 Gaelscoil ar fud na tíre taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá na líonraí sin ann agus níl siad chun éisteacht le brú, caithfimid iad a mholadh. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Mol na daoine seo agus tiocfaidh siad linn, ná cuir brú orthu.

Tá mé ag imeacht ón phointe ach níl Seanadóir amháin anseo a chloígh leis an phointe ó tháinig mé isteach. Ba mhaith liom an oiread seo a rá faoi acmhainní. We are in a different country. Bhí an Seanadóir ag caint faoi rudaí mar a bhí siad trí bliana ó shin. Tá a fhios aige go maith cad a tharla le trí bliana anuas; tá acmhainní teoranta againn, níl dabht faoi sin. Dá n-éistfimis le Sinn Féin cúpla seachtain ó shin, agus dá votálaimis "No" sa reifreann, ní bheadh aon acmhainní ann ar a chor ar bith. We would be the beggar men of Europe. Buíochas le Dia, níor éist muintir na hÉireann le Sinn Féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.