Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

1:00 am

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

D'éist mé go cúramach leis an freagra a thug an tAire Stáit. An fhadhb a fheicim anseo ná má tá sé chun ceantair atá níos laige ná ceantair eile a chaitheamh le chéile, ní oibreoidh sin. Níl aon bunús eolaíochta ná teangeolaíochta le é sin a dhéanamh. Sa bhliain 2007, chuir an Rialtas ag an am staidéar teangeolaíoch ar fáil ar úsáid na teanga sa Ghaeltacht. Staidéar proifisiúnta a bhí ann ina raibh moltaí sonracha faoin Ghaeltacht a bhriseadh suas i ranna A, B agus C, ach tá cuma ar an scéal anois go bhfuil na moltaí agus an obair sin curtha ar leataobh agus go bhfuil slat tomhais úr ann anois.

Tá ceisteanna agam faoi seo. Cén fáth an bhfuil an staidéar sin fágtha ar leataobh? Cén fáth nach bhfuil na moltaí sa staidéar i dtaca le ceantair Gaeltachta á chur san áireamh sa Bhille seo? Cad iad na critéir atá in úsáid ag an Roinn agus an Rialtas leis an 19 ceantair atá molta a tharraingt le chéile? Cé a rinne an cinneadh na ceantair sin a tharraingt le chéile? An raibh aon plé leis an Coimisinéir Teanga i dtaca leis an 19 ceantair seo? An raibh aon plé le Údarás na Gaeltachta agus an rannóg pleanála teanga san údarás i dtaca leis an 19 ceantair atá á tharraingt le chéile. Muna bhfuil freagraí le fáil ar na ceisteanna bunúsacha seo, taispeánfaidh sin na laigí le se, ach fanfaidh mé anois leis na freagraí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.