Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

1:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Tá dul amú ar an Aire Stáit maidir leis an gcur chuige atá aige. Nuair a rinneadh an staidéar cuimsitheach teangeolaíochta, rinneadh go leor staidéir agus baineadh úsáid as go leor fíricí éagsúla a bhain le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht, ceann amháin acu sin ná scéim labhairt na Gaeilge.

Thug scéim labhairt na Gaeilge le fios cé mhéad duine óg a chuir isteach ar an deontas áirithe sin. Tá an tAire Stáit ag iarraidh fáil réidh den scéim mar bhraith sé nár chóir go mbeimis ag íoc airgid le daoine sa Ghaeltacht le bheith ag labhairt na Gaeilge. Sin díospóireacht le haghaidh lá eile. An rud eile a bhí úsáideach maidir le scéim labhairt na Gaeilge ná gur thug sé slat tomhais dúinn ar cé mhéad Gaeilge a bhí á labhairt sna ceantair éagsúla agus tá sin imithe anois.

Luaigh an Seanadóir Ó Domhnaill go ndéanfar áireamh ar staid na Gaeilge sna cheantair. Cén chaoi go bhfuil sé i gceist ag an Aire an cuntas sin a dhéanamh maidir le dul chun cinn nó easpa dul chun cinn atá a dhéanamh ar na pleananna teanga sna limistéir éagsúla? Cén chaoi go bhfuil sé ag dul a mheas go bhfuil níos mó nó níos lú á labhairt iontu agus dá bhrí sin, cén slat tomhais atá aige go bhfuil plean ag obair nó nach bhfuil ag obair? An mbraitheann sé ar cén ghiúmar atá ar an Aire Stáit maidin Luain nó chuaigh sé chuig coisir sa Spidéal agus bhí an-chraic ann agus labhair daoine an Ghaeilge leis, nó a mhalairt, go ndeachaigh sé go dtí na Forbacha agus go raibh sé ina sheasamh taobh amuigh den údarás agus gur áirigh sé roinnt daoine ag siúl thairis suas an bóthar agus iad ag Béarlóireacht eatarthu? An mbeadh an tAire Stáit ansin ag déanamh a chinnidh féin go bhfuil an Ghaeilge ag dul chun cinn nó nach bhfuil? Cá bhfuil na critéir? Cén phróiseas atá le measúnú leanúnach a dhéanamh ar dul chun cinn na bpleananna? Tá sin tábhachtach sa chás seo mar ní hé an slat tomhais céanna a bheidh in úsáid sna ceantair éagsúla. Cuirim i gcás, agus an tAire Stáit ag cur Thur Mhic Éadaigh isteach le hAcaill, má thiteann an tóin as Gaeltacht amháin acu ó thaobh labhairt na Gaeilge, an bhfuil an tAire Stáit chun an ceantar iomlán a tharraingt anuas?

In éagmais scéim labhairt na Gaeilge, cén slat tomhais atá ag an Aire Stáit? An mbeimid ag fanacht leis an daonáireamh chuile roinnt blianta? Má táimid, beidh an Gaeilge básaithe go maith faoin am a bheidh an straitéis curtha i bhfeidhm. Má tá orainn fanacht leis an daonáireamh chuile uair a thagann sé chun cinn, ní bheidh an Roinn in ann measúnú leanúnach a dhéanamh ó sheachtain go seachtain maidir le dul chun cinn na bpleananna sna ceantair éagsúla.

Baineann seo leis an 19 limistéar. Cén fáth nach bhfuil an tAire Stáit ag glacadh leis an saineolas ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge? Cén fáth nach bhfuil sé ag glacadh leis an saineolas a bhí ag Ollscoil Mhá Nuad, a raibh ionchur láidir aici maidir leis an staidéar teangeolaíochta? Dúirt an tAire Stáit féin go raibh muid blianta fada go dtí go raibh coimisiún na Gaeltachta ann, agus bhí, go dtí go raibh an staidéar cuimsitheach teangeolaíochta againn, bhí, go dtí go raibh ráiteas Rialtais againn i leith na Gaeilge, bhí, agus ansin go dtí go raibh an straitéis 20 bliain ann. Bhí go leor plé ann agus rinneadh an t-uafás moltaí ach tá an tAire Stáit ina Aire Stáit Àla carte ag piocadh píosaí anseo agus ansiúd. Tá seo déanta aige leis an straitéis 20 bliain agus anois le Bille na Gaeltachta. Níl sé ag cur na straitéise ina hiomláine nó na moltaí uilig sa staidéar cuimsitheach i bhfeidhm. Tá sé ag piocadh píosaí anseo agus ansiúd. Bhí go leor plé ann; sin an fáth go bhfuil an díospóireacht seo chomh tábhachtach, mar faoin chur chuige atá ag an Rialtas, ni chuirfear i bhfeidhm na moltaí a rinneadh.

Bhí na moltaí sin bunaithe ar shaineolas acadúil, ionchur ó na pobail agus ionchur ó na páirtithe polaitíochta ar fad. Tá an tAire Stáit ag déanamh beag is fiú díobh agus tá a chomhleacaithe Rialtais ag aontú leis agus fiú, mar a rinne siad an lá faoi dheireadh, ag tabhairt bualadh bos dó as an dea obair, mar dhea, atá á dhéanamh aige. Ar ndóigh, ní thuigeann siad an dochar atá á dhéanamh acu agus is mór an náire dóibh é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.