Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

11:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Beidh 19 limistéar pleanála teanga i gceist dá réir. Beidh na pleananna ullmhaithe faoi réir rialachán a tharraingeoidh suas na critéir le haghaidh pleanála teanga. Tá an 19 ceantar bunaithe cuid mhaith ar na limistéir le haghaidh pleanála atá in úsáid ag Údarás na Gaeltachta cheana féin. Ciallaíonn an cur chuige seo go bhfuil dlús maith daonra sna ceantair éagsúla agus beidh mórphlean teanga le réiteach ina leith.

Tabharfaidh an mórphlean seo aitheantas do na cúinsí teanga éagsúla taobh istigh de na limistéir le haghaidh pleanála teanga. I gcás na bpobal sin ina labhraíonn móramh na ndaoine Gaeilge iontu, beidh béim ar chosaint na Gaeilge mar ghnáth-theanga an phobail, agus i gcás pobail eile nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir iontu, beidh béim ar na gréasáin phobail Ghaeilge atá iontu a láidriú.

Is cur chuige praiticiúil é seo a thugann aitheantas don phrionsabal gur faoin phobal atá sé, i ndeireadh na dála, cinneadh a thógáil maidir le todhchaí na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail agus beart dá réir a dhéanamh le tacaíocht chuí ón Stát. Beidh deis ag na pobail teanga atá níos láidre ag limistéar pleanála teanga spreagadh a thabhairt do na pobail teanga eile nach bhfuil chomh láidir sin. Ar scáth a chéile a mhairfidh siad. Níl sé beartaithe mar sin agam idirdhealú a dhéanamh faoin reachtaíocht idir catagóirí A, B agus C, mar a rinneadh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta. Mar sin, níl sé i gceist agam glacadh leis na leasuithe seo dá réir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.