Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

11:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

D'éist mé leis an bheirt Sheanadóir. Bhí am agam éisteacht leis an méid a bhí le rá acu. Ó cheapadh mise i m'Aire Stáit, ceann de na ceisteanna is mó a tháinig aníos sa Dáil le linn tráth na gceist seachtain i ndiadh seachtaine, mí in ndiaidh míosa, ná cad atá á dhéanamh ag an Aire agus an Rialtas mar go bhfuil an straitéis 20 bliain ann agus go bhfuil bliain imithe gan faic na fríde déanta. Deirtear go bhfuil muid ag cur dallamullóg ar an phobal, ar an Ghaeltacht agus ar ghach éinne agus go bhfuil cleasaíocht ar siúl againn. Má tá cleasaíocht ar siúl ag éinne, is istigh anseo leis an bhFreasúra atá an chleasaíocht. Ní seo an chéad uair do chuid den bhFreasúra an chleasaíocht a chleachtadh, mar tá cleasaíocht ar siúl acu i ngach réimse de shaol na tíre, ní hamháin ar réimse na Gaeltachta. Le reifrinn agus gach rud eile, is í an chleasaíocht the lowest common denominator.

Tá mise bródúil agus mórtasach gur éirigh liom Bille Gaeltachta a thabhairt isteach. Ainneoin an méid adúirt na Seanadóirí, tá an Bille anseo anois. Tá plé leathan déanta ar na rudaí seo le blianta anuas, ar chimisiún Gaeltachta, suirbhé teangeolaíochta, teagmháil le pobal na Gaeltachta agus straitéis 20 bliain. Anois tá Bille Gaeltachta againn, agus táthar ag rá nach raibh aon seans acu anseo plé a dhéanamh air, nach raibh aon seans ag an Ghaeltacht plé a dhéanamh air, go bhuil muid ag brú rudaí agus go bhfuil gilitín ann agus mar sin de. Seo an chéad uair atá gilitín ann, ach tá plé an-fhada déanta ar an Bhille cheana féin. Ar ndóigh, sílim go mbeidh tuilleadh plé an tseachtain seo chugainn ar an Bhille. Fair play, beidh mise anseo. Tá mise sásta teacht isteach lá i ndiaidh lae agus é a phlé, chomh fada agus a fhanann muid taobh istigh de rialacha an Tí seo.

Deirtear nach bhuil muid ag déanamh aon phlé leis na ceantair Gaeltacht. Táimid ag déanamh plé leo. Tá an Seanadóir féin i ndiaidh a rá go raibh an Roinn amuigh le cúpla lá agus go raibh siad ag plé seo le muintir Chonamara agus muintir na Gaeltachta san iarthar. Táthar i mo cheantar féin, i dTír Chonaill, ag plé agus ag dul i gcomhairle leis na daoine thuas ansin. Beidh siad i gCúige Mumhan agus Cúige Laighean gan mhoill agus beidh siad in nGaeltacht na Mí gan mhoill. Tá siad ag dul timpeall na tíre. Tá siad amuigh ag plé leis na pobail agus níl an Bille reachtáilte agus nílim chun aon leithscéal a ghabháil maidir le sin. Táimid ag ullmhú an talaimh. Muna raibh siad amuigh, bheadh an Seanadóir Ó Clochartaigh ag rá nach bhfuil muid dáiríre agus nach bhfuil muid i dteagmháil le pobal na Gaeltachta. Tá sé ag labhairt amach ó dhá thaobh a bhéal. Tá sé ag déanamh sin ó thosnaigh sé anseo. Tá sé in am aige smaoineamh ar mhuintir na Gaeltachta, seachas a bheith ag déanamh political football den rud. Sin an méid a bhfuil sé ábalta a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.