Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Baineann sé go dlúth leis an leasú agus míneoidh mé cén fáth. Tá mise ag tagairt, mar a bhí an tAire Stáit ag tagairt, do chur i bhfeidhm na straitéise. Tá an Bille seo bunaithe ar na limistéir teanga ina bhfuil an straitéis le cur i bhfeidhm. Tá grúpaí le bheith ainmnithe sna ceantair sin leis an straitéis a chur i bhfeidhm agus tá an Rialtas ag rá gur féidir sin a dhéanamh gan acmhainní. Seo iad na ceantair phleanála teanga atá i gceist: i gCorcaigh, Múscraí agus Oileán Cléire, i gCiarraí, tá Ciarraí thiar agus Ciarraí theas, I nDún na nGall, tá tuaisceart Dhún na nGall - Fánaid, Ros Goill, an Tearmann, na Dúnaibh agus ceantar eile, tá Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, ansin tá Cloich an Chionnaola, Gort an Choirce, Toraigh, an Fál Carrach agus Machaire an Rabhartaigh. Ina dhiaidh sin, tá Na Rosa, an Clochán Liath, Ailt an Chorráin, Arainn Mhór agus Leitir Mhic an Bhaird, tá an Ghaeltacht Lár agus ansin tá Dún na nGall theas. I nGaillimh, tá an tEachréidh agus ansin tá Maigh Cuilinn, Bearna, Cnoc na Cathrach curtha le chéile. I gCois Fharraige, táimid ag caint faoin cheantar ó Na Forbacha siar go Ros an Mhíl agus faoin Cheathrú Rua agus Ceantar na nOileán curtha le chéile, Iorras Aithneach agus Corr na Móna, atá na mílte ó na chéile, curtha le chéile agus Oileáin Árann. I Maigh Eo, tá Acaill and Tuar Mhic Éadaigh agus Iorras. I gContae na Mí, tá Ráth Chairn agus Baile Ghib agus tá Na Déise i bPort Láirge.

Caitheadh suas le €500,000 ar staidéar cuimsitheach teangeolaíocht, a rinne saineolaithe ó Acadamh na hOllscolaíocht Gaeilge, ag comhoibriú le comhghleacaithe ó Ollscoil Mhá Nuad, ina rinneadh plé iomlán cuimsitheach trasna na tíre le daoine atá ag plé le hearnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta, a chuir moltaí ar fáil, agus tá mé ag iarraidh fáil amach nach bhfuil an tAire Stáit ag glacadh leis na moltaí a rinne siad tar éis an staidéar sin ar fad a dhéanamh.

Tá mé tar éis a rá go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh beag is fiú den Teach seo, den díospóireacht agus de na leasuithe mar is léir ón méid leasuithe lenar nglac an tAire Stáit nach bhfuil sé ag tabhairt aird ar bith ar na leasuithe, ní amháin a chuir muidne síos ach a cuireadh síos trínne ag eagraíochta agus daoine amuigh ansin atá ag plé le hearnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta leis na blianta fada, a bhfuil saineolas acu ann chomh maith leis an Roinn.

An bhfuil an tAire Stáit ag rá go bhfuil níos mó saineolais aige ar na ceisteanna seo ná na dreamanna eile ar fad? Bhí ionchur acu sin ar fad sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta. Moladh ansin go rangófaí na ceantair Ghaeltacha i rannóg A, B agus C ó thaobh na Gaeilge de. An rud atá ar bun ag an Rialtas sa Bhille seo ná ag cur na gceantar seo i mullach a chéile.

Léiríonn sin cúpla rud dom. Léiríonn sé, b'fhéidir, gur cuma leis an Aire Stáit sa diabhal faoi iad a bheith caite isteach i mullach a chéile nó nach dtuigeann sé go mbeidh sé an-deacair pleananna cuimsitheacha teanga a bheidh éifeachtach a chur i bhfeidhm sna ceantair sin mar gheall ar na codarsnachtaí atá ann ó thaobh leibhéal labhairt na Gaeilge sna ceantair féin. Tóg Cois Fharraige, ó na Forbacha siar go dtí Ros an Mhíl, ceantar uafásach leathan. Ní ionann an caighdeán Gaeilge agus an méid daoine atá ag labhairt na Gaeilge sna Forbacha agus atá thiar i Ros an Mhíl. Tá riachtanais iomlán difriúla acu agus tá an tAire Stáit ag iarraidh go mbeadh eagraíocht amháin as an gceantar sin ag cur an phlean teanga i bhfeidhm ar fud an cheantair sin ar fad. Cén saineolas a tugadh ar bord go ndeachaigh an Rialtas i gcoinne na moltaí sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta maidir leis na limistéir A, B agus C? Ar airgead amú a bhí sa méid airgid a chaith muid ar an staidéar sin nó an bhfuil an tAire Stáit ina Aire Stáit Àla carte ó thaobh an staidéir de, ag piocadh píosaí anseo agus ansiúd? Má tá an tAire Stáit ag déanamh sin, tá sé ag déanamh dearmaid agus tá sé ag dul buille an bháis a thabhairt don Ghaeilge seachas í a shlánú mar a dúirt sé féin atá sé ag iarraidh a dhéanamh. An rud a dúradh sa staidéar cuimsitheach ón léamh a rinne mé air ná go raibh práinn leis na moltaí ach gur gá na moltaí ar fad a chur i bhfeidhm ina n-iomláine. Níl an tAire Stáit ag déanamh sin sa Bhille seo.

Sin an fáth go bhfuilimid ag cur leasuithe chun cinn maidir leis na limistéir atá an tAire Stáit ag ainmniú. Cén fáth sa diabhal go bhfuil an tAire Stáit ag cur áiteanna cosúil le Iorras Aithneach agus Corr na Móna, atá iomlán difriúl óna chéile, atá mílte ó na chéile, isteach san áit amháin? Níl aon nasc traidisiúnta ag an dá cheantar sin lena chéile, ní bhíonn aon ghluaiseacht mhór pobail idir Corr na Móna agus Iorras Aithneach. Ansin, tá an tAire Stáit ag tógáil cheantar Thuar Mhic Éadaigh agus á chur isteach le hOileán Acaill. Is daoine breátha iad muintir Thuar Mhic Éadaigh agus muintir Acla ach is mó teacht le chéile a bhíonn ag muintir Thuar Mhic Éadaigh agus muintir Chorr na Móna lena chéile mar tá an dá cheantar buailte ar a chéile. Is pobal dhúiche Sheoigheach a bhíonn ansin a thagann le chéile.

Níl mórán céille ag baint leis an leagan amach atá déanta ach caithfidh an tAire Stáit tógáil san áireamh staid na teanga sna bailte éagsúla taobh istigh de na limistéir atá déanta ag an Roinn. Sin atá molta sna leasuithe atá a gcur chun cinn anseo: agus an tAire limistéir shonracha a ainmniú, cuirfidh an tAire san áireamh staid na Gaeilge sa phobal atá ina gcónaí sa limistéir sin agus ní ainmneoidh sé limistéir ina bhfuil cónaí ar phobal atá neamhchosúil lena chéile go teangeolaíoch.

Beidh na Seanadóirí Rialtais agus Seanadóirí eile san Fhreasúra ag rá "cén dochar?". Ag brath ar an eagraíocht atá le roghnú ó thaobh chur chun chinn an plean teanga sa ceantar sin, d'fhéadfadh leatrom a bheith ann ó thaobh amháin den phobal nó ón taobh eile. Mar shampla, agus níl mé ag rá go dtarlóidh seo, ó thaobh na Forbacha go Ros an Mhíl, cén eagraíocht a roghnóidh an tAire chun an plean a chur i bhfeidhm? Abair go bhfuil tromlach ann ó thaobh an cheantair sin ina bhfuil an Béarla in uachtar, agus é ag teacht níos láidre. Luíonn sé le réasún go mbeidh daoine ón taobh sin ag troid go gcaithfear níos mó acmhainní ar an taobh sin, san áit ina bhfuil daoine ag foghlaim Gaeilge agus nach bhfuil an pobal chomh láidir, agus go mbeifear ag déanamh neamhshuim den dream atá láidir ó thaobh na Gaeilge, atá dhá labhairt mar theanga pobail agus mar sin de. Sin an cineál lochta a fuaireadh ar scéim na gcúntóirí teanga, scéim a raibh sibh in ainm agus a bheith ag déanamh athbhreithnithe air agus scéím nua a thabhairt chun cinn. Dúradh go raibh an scéim dírithe, nuair a thosnaigh sé, go huile agus go hiomlán ar fhoghlaimeoirí Gaeilge, in áit a bheith ag díriú ar saibhriú teanga ar an dream a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu sna tithe. Is dóigh liomsa gur sin an fáth gur mhol an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch go gcaithfear sonrú a dhéanamh idir na limistéir A, B agus C. I na limistéir A, tá an Ghaeilge i ndáiríre ina theanga pobail, á labhairt ag na teallaigh agus sna scoileanna agus le cloisteáil sa séipéal, sna siopaí agus sna gnóthaí agus mar sin de. Má chuirtear na ceantair eile isteach ina mullach orthu, ní bhfeifear in ann fócas mar is ceart a chur ar na hacmhainní teoranta atá dhá úsáid.

An cheist mhór eile ná an é go bhfuil an tAire Stáit ag magadh fúinn, ag ligint dúinn an díospóireacht seo a chur cinn agus ansin cruinnithe a eagrú leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe agus ag rá leo go mbeidh an mbuiséad níos lú, ach go mbeidh sé ag cur ualaigh breise oibre orthu? Ní bheidh siad in ann é a dhéanamh. D'admhaigh an tAire Stáit féin dhá bhliain ó shin nuair a bhí roinnt airgid fós fágtha, go raibh an buiséad gearrtha go feirc ag an údarás agus go raibh brú ar na chomharchumainn. An bhfuil a chloigeann sna scamaill ag an Aire Stáit nó an bhfuil sé ag magadh fúinn? An gcreideann sé an rud atá á rá aige nó an ceap magaidh é seo? An bhfuil sé ina phuipéad ag an Aire Airgeadais agus ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá ag déanamh ciorruithe agus ag cur na ciorruithe sin i bhfeidhm, agus é ag déanamh iarrachta a chur ina luí ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuil siad dáiríre? Dá mbeadh siad dáiríre, bheadh siad ag cur an airgid ar fáil leis an straitéis a chur i bhfeidhm.

Tóg mar shampla ceann de na limistéir pleanála teanga agus má tá, mar shampla, ranganna Gaeilge ag teastáil sna Forbacha, cé tá chun iad sin a chur i bhfeidhm? An hfuil daoine ón údarás nó ón Roinn chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil saor in aisce mar gur stát sheirbhísigh iad? An dtiocfaidh trasna tráthnóna ag a seacht a chlog mar go bhfuil sé sa bplean teanga atá ag an gceantar sin go dteastaíonn ranganna Gaeilge? Níl an t-airgead ag na comharchumainn lena leithéid a chur ar bun. Má táimid ag iarraidh na Gaeilge a chur chun cinn, caithfear acmhainní a chur ar fáil.

Tá amhras orm go bhfuil cur i gcéill ar bun. Tá amhras orm go bhfuil an tAire Stáit agus an Roinn chun ligint orthu go raibh díospóireacht fiúntach anseo agus gur phlé muid an Buille le huaireanta fada. Ach i ndáiríre, níl ar bun acu ach ag cur suas facade go bhfuil siad ar son na Gaeilge nuair atá fórsaí eile sa Rialtas, idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre atá diongbháilte ar deireadh a chur le cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht, deireadh a chur leis an mhaoiniú agus ar mholtaí McCarthy agus an bord snip nua a chur i bhfeidhm, beag beann ar na riachtanais. Cuirfidh siad an milleán ansin ar an troika agus mar sin agus iad ag ochón nach bhfuil aon airgead againn agus go bhfuil orthu na ciorruithe a chur i bhfeidhm, ach iad ag rá go bhfuil an t-ádh linn go bhfuil údarás againn.

Throid muid ar son an údaráis. Throid daoine a chuaigh romham ar son an údaráis. Throid siad ar son an daonlathais agus troidfidh muid arís. Táimid chun na leasuithe atá curtha chun cinn agus táim ag súil go mór le freagraí an Aire Stáit ar na cheisteanna a d'ardaigh mé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.