Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Tá mé ag tacú leis na moltaí atá á ndéanamh agus á bplé faoin ghné seo den Bhille. Nuair a bhí an tAire deireanach, Pat Carey, i mbun na Roinne, bhí plé idir an Aire Stáit agus é féin sa Dáil. Seo an rud a dúirt an tAire Stáit ag an am:

Aontaímid go léir go bhfuil an straitéis tábhachtach ach tá cur i bhfeidhm na straitéise níos tábhachtaí fós. Tá ceisteanna bunúsacha, tábhachtacha le freagairt ag an Aire. Má amharcann duine ar chaiteachas na Roinne don bhliain seo, agus don bhliain seo chugainn, agus na blianta amach romhainn, tá titim thubaisteach ann. In 2007, bhí €112 milliún ag an Roinn agus an bhliain seo chugainn tá €40 milliún, beagnach an rud a dúirt an Bord Snip Nua, a dúirt €36 milliún. Nach n-aontaíonn an tAire go mbeidh sé an-deacair ar fad freagracht a ghlacadh ar straitéis na Gaeilge agus ar rudaí eile a bhaineann leis an Ghaeltacht nuair atá titim chomh tubaisteach sin ar an chaiteachas atá á chur ar fáil don Roinn sa bhliain seo chugainn agus na blianta ina dhiaidh sin? Níl sin dodhéanta. Tá an Rialtas ag cleasaíocht, mar níl sé i gceist aige ach an straitéis a chur amach nuair nach bhfuil sé ar intinn aige í a chur i bhfeidhm.

Cuirim i leith an Aire go bhfuil an chleasaíocht chéanna ar bun aige féin inniu. An bhfuil náire air bheith ina shuí anseo inniu tar éis an chinnidh atá déanta ag an Cheannaire sa Teach seo cosc a chur ar an díospóireacht ag 4 p.m. inniu ar ghnéithe fíorthábhachtacha den Bhille seo? Is léir go bhfuil an gilitín le himirt tráthnóna inniu agus go bhfuil Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre ag déanamh hatchet job ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus is mór an náire dóibh é.

Deirim sin sa chomhthéacs go bhfuil an tAire Stáit féin tar éis a rá an lá faoi dheireadh go bhfuil an próiseas le tosú maidir le daoine a roghnú le cur ar bhord Údarás na Gaeltachta, gan fiú Céim an Choiste rite sa Teach seo, gan é a bheith pléite sa Dáil, gan é a bheith sínithe ag an Uachtarán. Nach beag an meas atá ann don phróiseas daonlathach? Nach léiríonn sin an dearcadh atá ag an Rialtas i leith bhord Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil an meas céanna aige ar an Seanad, nach bhfuil sé sásta fiú go mbeadh an díospóireacht thart nuair atá na cinntí ag dul ar aghaidh? Bhí cruinniú ag feidhmeannaigh na Roinne inné i gConamara le baill agus ionadaithe ó na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe nuair a dúradh leo go gcuirfí an Bille i bhfeidhm ar an bhealach seo. Níl an Bille fiú pléite agus críochnaithe sa Teach seo. Nach bhfuil náire ar bith ag an Aire Stáit, nach bhfuil meas ar bith aige ar an bpróiseas daonlathach sa Teach seo? Dá mbeadh an tAire Stáit ar an taobh seo Tí, bheadh sé ag rá rudaí cosúil leis an méid a dúirt sé go bhfuil an Rialtas ag cleasaíocht mar níl sé i gceist aige ach an straitéis a chur amach nuair nach bhfuil sé ar intinn aige í a chur i bhfeidhm.

Sin atá ar bun ag an Aire Stáit anseo, cleasaíocht le seachtain go leith, ag ligean air féin go bhfuil meas aige ar an Teach seo agus go bhfuil suim aige sa straitéis a chur i bhfeidhm. Dá mbeadh suim aige sa straitéis a chur i bhfeidhm, chuirfeadh sé na hacmhainní cuí ar fáil agus níl sé a dhéanamh sin. Dá mbeadh suim aige sa daonlathas, bheimis ag leanúint ar aghaidh le toghchán Údarás na Gaeltachta ach is léir nach bhfuil ag an Aire Stáit ná ag a chomhghleacaithe a vótáil ar maidin leis an ghilitín a thabhairt isteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.