Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

11:00 am

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Leanfaidh mé ar aghaidh. Tá fearg orm i dtaca le seo ach nílim ag cur lochta ar an Aire Stáit ná ar na feidhmeannaigh atá anseo. Tá an cinneadh déanta. Bhí vóta againn agus bhrú muid an pointe ar an taobh seo, ach ar an drochuair, tá an cuma ar an scéal go bhfuil brú ag teacht ó áit éigin sa Rialtas i dtaca leis an Bille seo a bhrú tríd an Teach sa dóigh go mbeidh deireadh le daonlathas sa Ghaeltacht.

Tá ceithre leasú le chéile anseo, cúpla ceann ardaithe ag an Seanadóir Ó Clochartaigh agus ceann nó dhó i m'ainm féin. Séard atá i gceist le leasú Uimh. 11 ná go bhfuil muid ag iarraidh fo-alt breise a thabhairt isteach idir línte 8 agus 9 ar leathanach 11 le rá: "(3) Le linn don Aire limistéar sonraithe a ainmniú faoi fho-alt (2), cuirfidh an tAire san áireamh staid na Gaeilge sa phobal atá ina gcónaí sa limistéar sin, agus ní ainmneoidh sé nó sí limistéar ina bhfuil cónaí ar phobail atá neamhchosúil lena chéile go teangeolaíoch." Tá sin tábhachtach. De réir an staidéar teangeolaíochta i 2007, bhí an Ghaeltacht roinnte ina trí chuid - A, B agus C - agus leagadh amach moltaí sa staidéar i dtaobh todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tuigim ón Bhille seo go bhfuil an Ghaeltacht anois á bhriseadh isteach i 19 ceantair agus go bfhuil cuid de na ceantair sin istigh le chéile, ach nach bhfuil na pobail ar fad sásta go bhfuil dhá pharóiste nó dhá cheantar le chéile. Mar shampla, tá Múscraí agus oileán amuigh ón chósta istigh le chéile, ach níl an pobal sa cheantar sin sásta go bhfuiltear ag brú an dá cheantar le chéile. Níl seo féaráilte ar na ceantair atá lag ó thaobh na Gaeilge de agus níl sé féaráilte ar na ceantair atá láidir ó thaobh na Gaeilge de má táthar ag iarraidh na gceantar sin a chur le chéile agus an sprioc amháin a bhaint amach. Má táimid le daoine a thabhairt linn agus má táimid le na daoine sna ceantair Gaeltachta atá níos laige ná ceantair eile ó thaobh na Gaeilge de a tharraingt linn, a thabhairt le chéile agus tacaíocht a thabhairt dóibh, tá sé tábhachtach nach mbeidh na ceantair laga buailte ar na ceantair láidre. Cuirfeadh sin brú ar na ceantair láidre na ceantair laige a thabhairt go dtí caighdeán níos deacra ná mar a bhféadfadh siad a bhaint amach. Sin an méid atá i gceist leis an leasú seo agus tá sé tábhachtach maidir leis na pleananna teanga atá le haontú agus an obair a bheidh le déanamh maidir le plean teanga a chur le chéile.

Tá 95,000 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht agus má tá 19 ceantar ann, an bhfuil sé i gceist go mbeidh thart faoi 6,000 nó 7,000 duine, nó níos mó, ina gcónaí i ngach áit a bhfuil plean? Cuirfidh sin brú ar na coistí a mbeidh an dualgas orthu na pleananna seo a ullmhú. Cuirfidh sé brú orthu, b'fhéidir, limistéar an-mhór a tharraingt le chéile. Laige í a bheith ag amharc ar 19 ceantar in áit a bheith ag amharc ar pharóistí nó ceantair eile ar an gcaoi céanna le Cumann Lúthchleas Gael. Bheadh sé i bhfad níos fearr amharc ar phlean mar sin nó ar an phlean a leagadh amach sa staidéar teangeolaíochta 2007. Ar a laghad, má tá plean le hullmhú do cheantair le chéile, ba cheart go mbeadh an caighdeán Gaeilge thart ar an leibhéal céanna sna ceantair sin. Mar shampla, i nGort a'Choirce, mo cheantar féin, tá thart faoi 85% den daonra ag labhairt Gaeilge go laethúil agus ní cheart an ceantar sin a chur isteach, mar shample, le ceantar i nach bhfuil ach 30% den daonra ag labhairt Gaeilge go laethúil. Níl sin féaráilte ar cheachtar acu. Cruthódh sin deacrachtaí don ceantar lag agus don ceantar láidir. Caithfear idirdhealú a dhéanamh i gcásanna mar seo. Caithtfidh na spriocanna a bheith sa phlean don ceantar lag a bheith difriúil do na spriocanna atá sa phlean don ceantar láidir. Beidh dréachtú iomlán le déanamh ar na phleananna seo agus caithfidh difríocht a bheith eatarthu maidir leis na critéir agus na spriocanna a bheidh leagtha amach iontu. Sin an fáth go gcreidim go gcaithfidh gacadh leis an leasú seo. Maidir le leasú Uimh. 14, baineann sé le hÚdarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí bunaithe ins na limistéir Gaeltachta. Tá an leasú ag iarraidh na focail "or adjacent to" a bhaint amach as an mBille. Má tá an údarás i gceannas ar na pleananna seo a ullmhú, ba chóir don údarás a bheith i gceannas sa tír go hiomlán. Má tá an Bille ag moladh go mbeidh an údarás i gceannas sa Ghaeltacht leis an spriocanna agus na pleananna éagsúla a aontú agus a chur i bhfeidhm, ní fheictear domsa go bhfuil aon chiall leis na focail "an organisation based in or adjacent to" , mar de réir an Bhille, tá an dualgas ar an údarás sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht tá Foras na Gaeilge i bhfeidhm. Níl an fhoclaíocht cruinn sa Bhille. Is féidir ciall a bhaint as sin go bhfuil an t-údarás freagrach taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith. Caithfidh sin bheith níos soiléire ná mar atá leagtha amach sa Bhille faoi fho-alt(4).

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.