Seanad debates
Thursday, 5 July 2012
Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)
11:00 am
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
A gceart don Aire Stáit, níor léigh mise an leagan Bhéarla den cháipéis, mar ní léann mé leaganacha Bhéarla. Mar sin, nuair a léann duine an leagan Gaeilge, léann sé ag Uimh. 10, "Níl gá le leasú comhréireach ar an téacs Gaeilge anseo." Níor léigh mé an leagan Bhéarla agus ní thuigim cén téacs Gaeilge atá i gceist anseo. Ba mhaith liom an pointe a dhéanamh nach bhfuil sé soiléir ón leasú atá i nGaeilge céard atá i gceist.
No comments