Seanad debates
Thursday, 5 July 2012
Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)
11:00 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Is leasú teicniúil é seo. Baineann an rud atá i gceist leis an leagan Bhéarla amháin. Sa leagan Gaeilge deirtear: "(b) cuid de limistéar Gaeltachta,". Sa leagan Bhéarla deirtear: "(b) part of a Gaeltacht area," agus táimid ag cur isteach an focal "a" chun "a part of a Gaeltacht area" a rá. Táimid díreach ag cur isteach litir amháin. Tá an leagan Gaeilge ceart go leor mar atá sé.
No comments