Seanad debates

Wednesday, 4 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

2:00 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Cuirim fáilte ar ais roimh an Aire Stáit. Tá stádas faoi leith bainte amach ag comhchoistí an Oireachtais, agus is maith an rud go bhfuil sé sin ag tarlú. Nuair a bhí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á cur le chéile tháinig na heagrais uilig isteach chun ceist na Gaeilge a plé agus chuaigh an comhchoiste chomh fada leis an nGaeltacht chun bualadh le breis agus 30 eagras freisin. Taispeánann sé sin an stádas atá an an gcomhchoiste.

Maidir leis na baill, ní dóigh liom go bhfuil sé i gceist cigireacht a dhéanamh orthu, ach bhéadh sé cabhrach dóibh féin go mbéadh orthu machnamh a dhéanamh ar an ról nua a bhéadh acu. Chabhródh sé le neart na reachtaíochta dá mbéadh orthu teacht isteach agus cúrsaí a phlé go hoscailte agus go poiblí. B'fhéidir go mbéadh suim ag na meáin cumarsáide ansin chomh maith.

Nuair a bhí stiurthóir á cheapadh ar an gCeoláras Náisiúnta, tháinig sé os comhair an choiste chéanna agus bhí seans againn cúrsaí a phlé leis. Déarfainn gur thugamar cabhair dó, mar thosaíomar ag caint faoi chiste an cheolárais, airgead a bhailiú, urraíocht agus rudaí den tsaghas sin. Chabhraigh sé sin go mór agus déarfainn go gcabhródh sé dá mb'fhéidir linn cur leis an leasú seo agus leis na smaointi atá taobh thiar de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.