Seanad debates

Wednesday, 4 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

2:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Cuirim fáilte ar ais roimh an Aire Stáit. Cuireann a bhfuil ráite ag an Aire Stáit go dtí seo, maidir leis an bpróiseas daonlathach ins na Tithe seo, beagáinín imní orm. Ó thaobh an tsoiléiriú atá á lorg ag Fianna Fáil maidir leis an gceist seo, níl aon locht againn per se go ndéanfaí soiléiriu ar cén chomhchoiste atá i gceist, ach tá an t-Aire Stáit féin tar éis a rá go bhfuil sé i gceist aige an próiseas a thosú maidir le daoine a cheapadh ar bhord Údarás na Gaeltachta tríd an bpróiseas ceapacháin poibli. Tá Sinn Féin go láidir i gcoinne an mholadh sin mar go bhfuilimid i gcoinne deireadh a chur leis na toghcháín do bhord Údarás na Gaeltachta.

Cuireann sí iontas orm go bhfuil an t-Aire Stáit ag déanamh a leithéid de ráiteas ag tús na díospóireachta inniu, ar Chéim an Choiste den Bhille, nuair nach bhfuil an Bille bailithe tríd an Teach seo nó tríd an Dáil agus nuair nach bhfuil sé sínithe ag an Uachtarán. Beag beann ar sin, tá an t-Aire Stáit ag rá go bhfuil sé ag dul ar aghaidh leis an bpróiseas ar aon chuma.

Tá leasaithe thíos ag Sinn Féin, agus tá súil agam go mbeidh am againn dul chomh fada leo, a chuireann in éadan an mholadh go bhfaighfí deireadh le toghchán Údarás na Gaeltachta. Ní léir go bhfuil sábhailt mhór le déanamh agus tá moltaí eile á dhéanamh ag Sinn Féin agus ag go leor dreamanna eile taobh amuigh den Seomra seo, na heagrais Gaeilge agus mar sin de agus, fiú, baill de pháirtí an Aire Stáit féin ina measc. Ritheadh rún ag Comhairle Chontae na Gaillimhe Dé Luain seo caite ag rá gur cheart leanúint ar aghaidh le toghcháin Údarás na Gaeltachta.

Ní léir dom go bhfuil tacaíocht don mholadh go gcuirfear deireadh le toghcháin Údarás na Gaeltachta. Dá bhrí sin, ní ghlacaim leis an bpointe a rinne an t-Aire Stáit, go bhfuil sé i gceist aige leanacht ar aghaidh leis na ceapacháin tríd an bpróiseas poiblí sin. Tiocfaimid chuige sin ar ball beag, tá mé cinnte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.