Seanad debates

Tuesday, 27 March 2012

Aistriúchán de Bhillí agus Ionstraimí Reachtúla

 

5:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tugaim buíochas don Seanadóir as deis a thabhairt dom teacht isteach agus freagra a thabhairt ar an cheist seo. Ceist chasta í ceist na n-ionstraimí reachtúla. Ar dtús, níl aon chúraimí reachtúla orm féin ná ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa réimse seo, cé is moite de na hionstraimí reachtúla a dhéanfaimis dár Roinn féin. Is é sin le rá, níl aon tagairt in aon reachtaíocht don fhreagracht seo a bheith luaite le haon Roinn ar leith. Tuigtear dom gurbh nós do Thithe an Oireachtais ionstraimí a aistriú go Gaeilge go dtí tús na 1980í, cé nach raibh aon dualgas reachtúil orthu é sin a dhéanamh.

An chúis is mó a bhfuil mé ag caint leis an Seanadóir inniu ná go bhfuil mo Roinn freagrach as an mBille um Leasú Acht Choimisiún Thithe an Oireachtais, atá ar liosta reachtaíochta an Rialtais. Sin dáiríre an freagra is fearr agus is soiléire is féidir a thabhairt ar cheist an tSeanadóra ag an phointe seo. Nuair a bheidh an Bille sin achtaithe, beidh sé an-soiléir sa reachtaíocht den chéad uair riamh cé atá freagrach as an tseirbhís seo.

Nuair a d'éirigh Tithe an Oireachtais as ionstraimí a aistriú sna 1980í, tuigeadh tar éis tamaill gur faoi gach Roinn Rialtais a bhí sé a gcuid ionstraimí féin a aistriú. Is eolas poiblí é nár aistríodh cuid mhaith de na hionstraimí thar na blianta. Tógadh cás i gcoinne an Stáit ag leibhéal na hArd-Chúirte i 2002, ag maíomh go raibh dualgas bunreachtúil ar an Stát ionstraimí reachtúla a aistriú go Gaeilge. Chaill an Stát an cás san Ard-Chúirt ach bhuaigh sé é sa Chúirt Uachtarach. Cé gur chinn an Chúirt Uachtarach nach raibh dualgas ginearálta bunreachtúil ar an Stát ionstraimí reachtúla a aistriú go Gaeilge, is fiú a thabhairt faoi deara go dúirt an Chúirt freisin go bhféadfadh saoránach aonair fós a bheith i dteideal leagan Gaeilge a iarraidh d'ionstraim ar leith i gcás ar leith.

Chinn an Rialtas deireanach ar aonad aistriúcháin a bhunú sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a bhí, le haire a thabhairt do cheist na n-ionstraimí reachtúla le linn dá achomharc a bheith os comhair na Cúirte Uachtaraí. Ag glacadh san áireamh comhairle ón Ard-Aighne ag an am, cinneadh leanúint ar aghaidh le cur chuige an Aonaid seo, ainneoin an chinnidh sa Chúirt Uachtarach, go háirithe i gcomhthéacs stádas na Gaeilge ag leibhéal an Aontais Eorpaigh. Aithníodh ag an am, áfach, go raibh brú nach beag ar acmhainní an Stáit. Sa chomhthéacs seo, deimhníodh go gcaithfí an polasaí seo a bhrú chun cinn ar bhealach tomhaiste céimnithe a chuirfeadh acmhainní an Stáit san áireamh.

Cé go bhfuil an Rialtas seo i bhfách i gcónaí le haidhm an pholasaí seo, d'aithin muid chomh maith go raibh an scéal imithe in olcas go mór maidir le hacmhainní an Stáit. Sin an fáth ar chinn muid na seirbhísí aistriúcháin a lonnú in áit amháin, i dTithe an Oireachtais, mar chuid den chuíchóiriú atá muid ag iarraidh a dhéanamh ar sheirbhísí an Stáit go ginearálta. Tá súil agam go dtuigeann an Seanadóir go bhfuil loighic ag baint leis seo. Ar an gcéad dul síos, ba iad na Tithe a bhí ag aistriú na reachtaíochta ó bunaíodh an Stát. Ar an dara dul síos, tá deimhnithe sa reachtaíocht cheana gurb é Coimisiún na dTithe atá freagrach as Achtanna a aistriú. Nuair a chuirtear san áireamh an oiread taithí agus saineolais atá carntha thar na blianta ag Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais, is léir go luíonn sé le ciall is le réasún go mbronnfaí cúram na n-ionstraimí reachtúla uirthi go hoifigiúil chomh maith, go háirithe i gcúinsí reatha eacnamaíochta an Stáit.

Tá súil agam gur léir don Seanadóir faoin am seo a chasta is atá ceist na n-ionstraimí reachtúla. Toisc an stair seo, is deacair freagra cruinn beacht a thabhairt ar a chuid ceisteanna. Féadfaidh mé a dheimhniú don Teach seo, áfach, go bhfuil an Rialtas seo an-chinnte go gcuirfear réiteach i bhfeidhm anois, a bhuíochas leis an Bhille atá luaite agam, a bhfuil sé mar sprioc aige a chinntiú nach mbeimid sa riocht seo amach anseo.

Ar ndóigh, mar a thuigeann an Seanadóir, beidh deis againn, nuair a bheidh an reachtaíocht sin á plé sa Teach seo, na cúrsaí seo uile a chíoradh go grinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.