Seanad debates
Tuesday, 27 March 2012
Aistriúchán de Bhillí agus Ionstraimí Reachtúla
5:00 am
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Níl mé sásta leis sin, beag nó mór. Níor tugadh freagra ar an gceist a chuir mé. Tuigim go bhfuil an tAire Stáit ag rá go bhfuil reachtaíocht nua ag teacht isteach ach an cheist a chuir mé ná cad iad na Billí nach bhfuil aistrithe, cé mhéad acu atá ann, cénuair atá sé i gceist sin a dhéanamh agus cé mhéad cás a caitheadh amach as na cúirteanna de bharr nach raibh na Billí aistrithe go Gaeilge. Ba chóir go mbeadh an t-eolas bunúsach sin againn. Is cosúil go bhfuil an Rialtas ag dul timpeall ar an gceist a chuir mé anseo mar is dócha go bhfuil go leor leor Billí fós le haistriú. Ní ghlacaim gur tugadh freagra ar bith ar mo cheist. An bhféadfadh an tAire Stáit dul ar ais agus labhairt leis an Aire Dlí is Cirt agus Comhionannais le fáil amach cé mhéad Bille nach bhfuil aistrithe go Gaeilge fós agus ar caitheadh amach mórán cásanna as na cúirteanna de bharr nach raibh leagan Gaeilge den bhun-Bhille ar fáil?
No comments