Seanad debates

Tuesday, 27 March 2012

Aistriúchán de Bhillí agus Ionstraimí Reachtúla

 

5:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is deacair do dhuine teacht isteach ar lá chomh breá leis seo ach táim buíoch de as bheith anseo.

Tá an cheist seo ag eascairt ó dhúshlán cúirte a bhí le tógáil ag comhairleoir as Baile Átha Cliath maidir leis an Bhille Rialtas Áitiúil (Muirear Teaghlaigh). Baineann seo leis an leagan Gaeilge de Bhillí Stáit a bheith le fáil. Tá réimse Billí nach bhfuil aistrithe go Gaeilge go fóilleach agus is faillí mhór é sin dúinne mar Ghaeilgeoirí; níl sé ceart nó cóir nach mbeadh leagan Gaeilge de Bhille ar fáil dúinn agus sinn ag déanamh ár gcuid gnó sa tír seo.

Léirigh Sinn Féin ár ndíomá nuair a tháinig an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais isteach roinnt míonna ó shin nuair a d'áirigh sé an dualgas a bhí ar an Stát maidir le foilsiú comhuaineach de na Billí nuair atá siad achtaithe ag Tithe an Oireachtais; gur féidir anois iad a chur ar fáil i mBéarla amháin agus gur féidir an leagan Gaeilge a chur ar fáil tamaillín ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, táimid ag ardú na ceiste anocht maidir leis na Billí. Cé mhéid Billí nach bhfuil aistrithe go Gaeilge go fóill? Tá sin fíor-thábhachtach mar tá sé tábhachtach go dtuigfimid cad iad na réimsí a bhfuil na Billí seo ann.

Tógadh cás i gContae Mhaigh Eo anuraidh. Bhí beirt tabhairneóir ag lorg ceadúnais arís don phub a bhí acu. Chuir na gardaí ina choinne sin ach caitheadh an cás amach as an chúirt ar an mbunús nach raibh leagan Gaeilge den Bhille áirithe ar fáil. Má tá Bille le cur i bhfeidhm agus má tá dlí na tíre le leanacht, ba chóir go mbeadh duine in ann é a leanacht i nGaeilge agus i mBéarla más toil leis sin a dhéanamh.

Tá amhras agus imní orm mar tuigim ón chás faoin mhuirear teaghlaigh nár cuireadh eolas ar fáil go dtí gur chuir an pobal brú ar an Stát leagan Gaeilge den eolas a chur ar fáil ar an suíomh Idirlíne mar ní raibh sé ar fáil go comhuaineach.

Cé mhéad Bille eile atá fós le n-aistriú go Gaeilge? Cad é an sceideal atá ag an Rialtas le déanamh cinnte go n-aistreofar iad? An bhfuil an Rialtas chun na hacmhainní cuí a chur ar fáil go ndéanfar a leithéid chomh tapaidh agus is féidir? An bhfuil an tAire Stáit in ann léargas a thabhairt dúinn ar caitheadh amach cásanna eile cosúil leis sin i gContae Mhaigh Eo as an gcúirt ar an mbunús nach raibh leagan Gaeilge den Bhille ar an dlí a bhí in ainm is a bheith dá shárú ar fáil? Tá sé fíor-thábhachtach go mbeimis in ann sinn a thuiscint mar, sa chomhthéacs níos leithne, dar linn, níl an Stát nó an Rialtas seo i ndáiríre faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá ról an Choimisinéara Teanga i mbaol de réir cosúlachta, tá go leor de na Ranna Stáit nach bhfuil ag comhlíonadh a ndualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dá mbeadh coimisinéir láidir againn, bheadh sé in ann aird a tharraingt ar an chineál sin ceisteanna. Tharraing an coimisinéir aird air seo tamall de bhlianta ó shin.

Tá súil agam go bhfuil freagra dearfach ag an Aire Stáit ar an gceist seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.