Seanad debates

Thursday, 24 November 2011

Oifig an Choimisinéara Teanga

 

11:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt don Seanadóir Ó Clochartaigh as an ceist seo a ardú. Bhí díospóireacht den chineál céanna againn ar an ábhar seo cúpla uair sa Dáil cheana féin, agus cuireadh ceisteanna freisin. Mar sin féin, sílim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil deis agam freagra a thabhairt maidir leis an imní atá ar an Seanadóir.

I dtús báire, ba mhaith liom a bheith an-soiléir nach bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh ar chor ar bith. Is é an cinneadh atá tógtha ag an Rialtas ná go ndéanfar feidhmeanna na hoifige a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go gcuirfear an cinneadh sin i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá ar siúl ag mo Roinn faoi láthair. Tá sé luaite go sonrach sna téarmaí tagartha don athbhreithniú go "mbreithneofar na forálacha a leagann amach ról Oifig an Choimisinéara Teanga".

Tuigfidh an Seanadóir nach bhfuil aon fhreagracht reachtúil orm ná ar mo Roinn maidir le hOifig an Ombudsman. Tuigtear dom nach ndeachaigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i ndáil chomhairle le hOifig an Ombudsman nó Oifig an Choimisinéara Teanga sular fógraíodh plean an Rialtais d'athchóiriú na seirbhíse poiblí seachtain ó shin. Ós rud é go dtagann Oifig an Choimisinéara Teanga faoi scáth mo Roinne, labhair mé féin leis an gcoimisinéir teanga ar bhonn cúirtéise sular fógraíodh plean an Rialtais an tseachtain seo caite.

Is léir ó theideal na díospóireachta seo go bhfuil go leor ceisteanna curtha ag an Seanadóir maidir le cur i bhfeidhm an chónasctha idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Ní miste a rá go dteastóidh leasú reachtaíochta chun an cónascadh a chur i bhfeidhm. Diomaite de leasuithe reachtaíochta, déanfar na mionsonraí maidir leis an gcónascadh a oibriú amach i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Acht Teanga.

Maidir leis na himpleachtaí don fhoireann in Oifig an Choimisinéara Teanga, mar a dúirt mé sa Dáil níos luaithe, is Státseirbhísigh iad an fhoireann, cé is moite den choimisinéir teanga féin. Dá bhrí sin, níl aon chailliúint post i gceist. Maidir leis an gcoimisinéir teanga féin, mar atá ráite ag an Seanadóir agus ag Teachtaí sa Dáil inniu, athcheapadh don dara téarma é i 2010 agus maireann a théarma go dtí 2016.

Beidh mo Roinn ag plé na himpleachtaí a eascraíonn ón gcónascadh leis an gcoimisinéir teanga agus leis an bhfoireann in Oifig an Choimisinéara Teanga sa tréimhse amach romhainn. Tá sé intuigthe go mbeidh sé riachtanach a chinntiú go leanfar le seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge do shaoránaigh an Stáit mar thoradh ar an gcónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman.

Cé go bhfuil sé ráite go soiléir ag an Rialtas nach sábháil airgid amháin atá i gceist le cur i bhfeidhm an phlean athchóirithe don tseirbhís phoiblí, ní miste liom a chur ar thaifead an tSeanaid gurb é €670,000 soláthar an Státchiste d'Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana agus go mbaineann thart ar €450,000 den tsuim seo le costais phá don fhoireann.

Sílim go mbeadh sé cabhrach dá bhféadfainn cinneadh an Rialtais i dtaca leis an gcónascadh seo a chur i gcomhthéacs don Seanad. Rinne an Rialtas soiléir ón tús ina chlár Rialtais go raibh sé tiomanta do leasuithe suntasacha a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí, go háirithe ar an mbealach a dhéantar seirbhísí a sheachadadh don saoránach.

Is í an phríomhaidhm atá le plean athchóiriú an tseirbhís phoiblí ná a chinntiú go mbeidh seirbhís níos trédhearcaí, níos cuntasaí agus níos éifeachtaí ann ar mhaithe le saoránaigh an Stáit. Ní hamháin chun costais a ghearradh a bhfuil cinntí tógtha ag an Rialtas athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí. Creideann an Rialtas go mbeidh buntáistí le baint as líon na gcomhlachtaí poiblí a laghdú, ní hamháin i dtéarmaí laghdú costais ach freisin i dtéarmaí timpeallacht riaracháin níos simplí agus níos éifeachtaí a bheith ann.

Ba mhaith liom a mheabhrú fosta nach é Oifig an Choimisinéara Teanga amháin an t-aon oifig ombudsman atá luaite i bplean an Rialtais maidir leis an tseirbhís phoiblí. Tá cinneadh tógtha ag an Rialtas oifigí éagsúla a bhfuil feidhmeanna Ombudsman acu a chónascadh, ar mhaithe le cur chuige níos éifeachtaí agus níos sruthlínithe a chur i bhfeidhm maidir le seachadadh seirbhísí do shaoránaigh an Stáit.

Tá sé soiléir ó phlean an Rialtais go bhfuil Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí agus Oifig an Choimisinéara Teanga, chomh maith leis na feidhmeanna cúloifige a bhaineann le hOifig Ombudsman na Leanaí, le cónascadh le hOifig an Ombudsman. Ó thaobh an tsaoránaigh de, luíonn sé le réasún go mbeidh cur chuige níos éifeachtaí ann mar thoradh ar dhaoine a bheith in ann triall ar Oifig an Ombudsman in ionad iad a bheith ag triall ar oifigí éagsúla ombudsman.

Mar atá raite agam, cuirfear cinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman i bhfeidhm i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Rinne mé féin an t-athbhreithniú seo a lainseáil ag féile an Oireachtais i gCill Airne i gContae Chiarraí ag tús na míosa seo. Tá an t-athbhreithniú seo ar siúl ag mo Roinn i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh i gclár an Rialtais. Baineann an t-athbhreithniú ar an Acht teanga leis na forálacha uile atá san Acht, lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le ról Oifig an Choimisinéara Teanga.

Is iad aidhmeanna an athbhreithnithe a chinntiú gur meicníocht éifeachtach é an tAcht teanga a thacaíonn le forbairt na Gaeilge ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de agus go bhfuil na dualgais a eascraíonn ón Acht cuí chun soláthar sásúil seirbhísí trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí a chinntiú de réir an éilimh atá orthu ón bpobal. Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl ag mo Roinn faoi láthair mar chuid den athbhreithniú ar an Acht. Tar éis don athbhreithniú a bheith curtha i gcrích, déanfar breithniú ar an gcás do leasú na reachtaíochta agus cuirfidh an tAire a chuid tuairimí i dtaca leis sin faoi bhráid an Rialtais.

Idir an dá linn, bheinn ag moladh do dhaoine páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí faoin athbhreithniú ar an Acht teanga. Tá gach eolas maidir leis an athbhreithniú ar an Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne, www.ahg.gov.ie. Ba mhaith liom a threisiú uair amháin eile nach gciallaíonn cinneadh an Rialtais go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh. Tá cinneadh tógtha ag an Rialtas Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Tá sé sin le déanamh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Acht teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.