Seanad debates

Thursday, 24 November 2011

Oifig an Choimisinéara Teanga

 

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht an fhreagra a thug sé. Treisíonn an méid atá ráite aige an imní atá orm. Dúirt sé go soiléir "nach ndeachaigh" an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i dteagmháil le hOifig an Ombudsman nó Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá sé sin dochreidte nuair atá an Rialtas ag caint ar cónascadh a dhéanamh. Cén eolas a bhí sé seo bunaithe ar? An raibh an Rialtas ag plé leo siúd a dhéanann an obair ó lá go lá? Ní léiríonn na figiúirí atá luaite ag an Aire Stáit - €450,000 agus €670,000 - go mbeidh aon sábháilt airgid i gceist. Dúirt an Aire Stáit gurb é príomhaidhm an Rialtas, ó thaobh athchóiriú an tseirbhís phoiblí de, ná a chinntiú go mbeidh seirbhís "níos trédhearcaí, níos cuntasaí agus níos éifeachtaí ann ar mhaithe le saoránaigh an Stáit". An gciallaíonn sé sin go bhfuil an Rialtas ag rá nach raibh an seirbhís a chur an gcoimisinéar teanga ar fáil go dtí seo trédhearcach, cuntasach nó éifeachtach? Más ea, ní aontóidh daoine leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.