Seanad debates

Thursday, 24 November 2011

Oifig an Choimisinéara Teanga

 

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit agus tá mé thar a bheith buíoch dó as bheith chomh foighdeach agus as fanacht linn. Tá ceist fíor-thábhachtach ardaithe againn, ceist atá ag déanamh tinnis do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir leis an scéal a cuireadh amach an tseachtain seo caite faoi na hathruithe sa seirbhís poiblí, go háirithe an t-athrú atá molta go ndéanfaí cónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Ardaím an cheist seo anocht chun soiléiriú a fháil ar seo. Tá thart ar seisear daoine fostaithe go lán-aimseartha in Oifig an Choimisinéara Teanga, atá lonnaithe sa Spidéal agus tá an obair atá ar bun acu bunaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé fógraithe ag an Aire Stáit go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar an Acht céanna. Is cosúil gur tháinig an scéal seo anoir aduaidh ar an coimisinéir féin agus nach bhfuair sé an scéal go dtí an tráthnóna roimhré ón tAire Stáit agus feidhmeannach sa Roinn ag rá go raibh an cónascadh seo le déanamh. Níl sé soiléir domsa ná don phobal fiú an raibh an ombudsman ar an eolas go raibh an t-athrú seo molta.

Ó thaobh an staidéar atá déanta ag pobal na Gaeilge ar an cheist, tá feachtas Ghuth na Gaeltachta, Aontas Phobal na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus eagrais eile tagtha amach go láidir i gcoinne an moladh atá déanta. Ní léir go mbeidh sábhailt ollmhór i gceist anseo. An imní atá ar an bpobal ná go bhfuil an Rialtas ag cur cuma ar an scéal go bhfuiltear ag gearradh siar ar quangos, ach i ndáiríre nach bhfuil bunús ná ciall leis an gcinneadh atá molta, mar tá an dream atá fostaithe in Oifig an Choimisinéara Teanga fostaithe go buan ag an Státchóras ar aon nós agus beidh siad fós fostaithe. De réir mar a thuigim ó thaobh an choimisinéara teanga é féin, níl sé i bhfad ó cheap an tAire don athuair é mar choimisinéir teanga ar feadh tréimhse sé nó seacht bliana. Ní dóigh liom gur féidir é a bhriseadh as a phost gan sin a chur tríd Tithe an Oireachtais. Níl ach trí chúis gur féidir coimisinéir teanga a bhriseadh as a phost agus le sin a dhéanamh caithfear é a chur tríd Tithe an Oireachtais. Dá bhrí sin, tá an coimisinéir le fanacht ins an oifig in a bhfuil sé nó ag feidhmiú mar choimisinéir. Mar sin, cén fáth nó cén bunús atá leis an gcinneadh. Cén idirphlé a ndearnadh roimhré? Ar pléadh an cinneadh leis an ombudsman agus leis an coimisinéir roimhré ar bhealach nach bhfuil fhios againn? Cén sábhailt atá i gceist a dhéanamh agus cén chaoi a bhfeidhmneoidh an cinneadh seo? An bhfuil an fhoireann le bogadh go Baile Átha Cliath le feidhmniú taobh istigh d'Oifig an Ombudsman? Má tá, an bhfuil costais ag baint le sin ó thaobh athlonnú as Conamara?

Rud eile, má táthar le cónascadh na seirbhísí a chur i bhfeidhm tríd Oifig an Ombudsman, cén cumas atá in Oifig an Ombudsman le tacú le seirbhís an choimisinéara teanga nó ó thaobh cumas Gaeilge agus mar sin de agus cén saineolas atá ann i réimsí teanga? Tá sé ráite agam go minic ar an taifead anseo sa Seanad go bhfuil mé díomách maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Rialtas a bhí ann romhainn agus an Rialtas reatha maidir le cur i bhfeidhm forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Dar liomsa, níl dóthain comhoibriú á fháil ag an coimisinéir teanga ó na Ranna Stáit agus ó na heagrais a thagann faoi scáth an Achta. Go deimhin, tá sé ráite ag tuairisceoirí áirithe agus daoine a bhfuil eolas acu ar saol na Gaeilge agus pobal na Gaeilge go gceapann siad go bhfuil go leor feidhmeannaigh agus Státseirbhísigh naimhdeach go leor maidir le hobair an choimisinéara. In aon turas, níl na scéimeanna éagsúla a tharlaíonn faoi scáth an Achta á chur i bhfeidhm acu. Tá doicheall á léiriú acu. Luaigh an choimisinéar ina thuarascáil tamall ó shin nach raibh sé in ann comhoibriú a fháil ó dhá eagras Stáit - Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - maidir le chásanna a chuireadh os a chomhair. Ghlan sé a lámha dóibh agus dúirt sé go raibh sé in am do Thithe an Oireachtais an chéad chéim eile a thógáil agus déileáil leo. Tá mé den tuairim go bhfuil buille tubaisteach beartaithe d'Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá an oifig lárnach sa straitéis agus i dul chun cinn na teanga. Má leantar ar aghaidh leis an gcinneadh seo, beidh sé tubaisteach ar fad do shaol agus do phobal na Gaeilge. Chreid muid go láidir san Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Nílimid chun scaoileadh leis an choimisinéara chomh réidh sin. Ba bhreá liom soiléiriú a fháil uaidh. An bhfuil bunús dáiríre nó ciall ar bith leis an gcinneadh seo? Muna bhfuil, an bhfuil an Rialtas sásta dul siar air?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.