Seanad debates

Tuesday, 8 November 2011

7:00 am

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)

Cuirim fáilte roimh an rún atá curtha síos ag an Seanadóir Ó Clochartaigh. Mar is eol don Seanadóir, tá Arramara Teoranta ag plé le tionscal na feamainne le blianta fada. Bunaíodh an comhlacht i 1947 agus tá feamainn á próiseáil aige i gCill Chiaráin i gConamara ó shin i leith. Bhí an obair chéanna á dhéanamh ar an Mhín Mhór i gContae Dhún na nGall go dtí 2001. Ó 1947 go dtí 2006, ba le Ranna Rialtais éagsúla an tromlach de scairshealbhaíocht an chomhlachta agus ba le húinéirí príobháideacha an fuílleach. Tá Arramara Teoranta faoi lán-úinéireacht Údarás na Gaeltachta ó Dheireadh Fómhair 2006, nuair a díoladh scairshealbhaíocht an Stáit sa chomhlacht leis an údarás. Ba é an bunús a bhí leis an gcinneadh seo ná go raibh freagracht ar an údarás maidir le forbairt eacnamaíoch sa Ghaeltacht; gur luigh gnó feamainne Arramara Teoranta go maith le fócas an údaráis ar fhorbairt acmhainní nádúrtha na Gaeltachta i gcoitinne; agus go raibh saineolas agus taithí ag an údarás a bheith ag plé le comhlachtaí trádála sa Ghaeltacht le blianta fada.

Ó tharla an comhlacht a bheith faoi lán-úinéireacht Údarás na Gaeltachta, ní mór dom a shoiléiriú nach bhfuil aon ról ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i mbainistiú an chomhlachta. Aithním gur foinse tábhachtach fostaíochta é gnó na feamainne agus go bhfuil fostaíocht fhiúntach curtha ar fáil sa Ghaeltacht ag Arramara Teoranta thar na blianta. I láthair na huaire, tuigim go bhfuil 250 bainteoirí feamainne ag soláthar feamainne d'Arramara Teoranta. Anuas ar sin, tá 17 duine fostaithe sa mhonarcha agus tá cúigear eile, an bainisteoir ginearálta san áireamh, fostaithe san oifig. Tá feidhmeannach eile fostaithe le gairid chun díriú go hiomlán ar mhargaíocht agus díolacháin. Tá an-dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an ghné seo. Tá margaí nua á bhforbairt i dtíortha éagsúla ar fud an domhain mhóir.

Ar ndóigh is acmhainn luachmhar é gnó na feamainne agus tairgeann Arramara Teo. feamainn thriomaithe don earnáil thalmhaíochta, don earnáil chosmaidí, don earnáil mhuirshaothraithe agus don earnáil ghairneoireachta. Díoltar é faoina bhranda féin Titan agus faoi bhrandaí a gcuid custaiméirí. Tá an comhlacht ag trádáil go brabúsach le roinnt blianta anuas agus tá forbairt agus athchóiriú suntasach déanta sa mhonarcha ó thóg an t-údarás úinéireacht iomlán ar an gcomhlacht.

Tuigtear dom ón údarás freisin go bhfuil an comhlacht ag breithniú speiceas eile d'fheamainn mar bhunábhar agus go bhfuil tuilleadh forbartha le déanamh air sin chun margaí nua a aimsiú. Chuige sin, tá roinnt oibre á dhéanamh faoi láthair i gcomhar le hinstitiúidí tríú leibhéal, lena n-áirítear Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí.

Tá fiosrúcháin déanta ag oifigigh mo Roinne leis an údarás maidir leis na ceisteanna a d'ardaigh an Seanadóir i ndáil le hArramara Teo. agus tuigtear dom gur léir don údarás go bhfuil saineolas, scil, taighde, acmhainní agus infheistíocht ag teastáil chun Arramara Teo. a fhorbairt a thuilleadh agus chun todhchaí an chomhlachta i gConamara a chinntiú. Mar gheall air sin, chinn an t-údarás páirtnéir straitéiseach a lorg d'Arramara Teo. a mbéadh sé d'acmhainn aige na riachtanais sin a sholáthar. Ceapadh na comhairieoirí airgeadais Farrell Grant Sparks, FGS, le bainistiú a dhéanamh ar an phróiseas seo i gcomhar leis an údarás. Tá an próiseas fós ar siúl agus tá spéis léirithe ag comhlachtaí Éireannacha agus idirnáisiúnta ann.

Tá sé mar bhunriachtanas den phróiseas go mbeidh saineolas, acmhainní gnó agus cumas infheistíochta ag aon pháirtí a roghnófar ionas go mbeidh na gnéithe sin mar bhunchloch forbartha d'Arramara Teo. Treiseoidh an cur chuige seo cumas an chomhlachta táirgí breisluacha a fhorbairt a thacóidh le hinmharthanacht an chomhlachta agus na hearnála próiseála feamainne i gConamara agus sa tír i gcoitinne.

Tuigtear ón údarás go bhfuiltear ag súil le moladh faoin gcás a chur faoi bhráid bhord an údaráis go luath agus nach mbéadh sé cuí aon eolas faoi na páirtiíhe atá ag plé leis an bpróiseas a thabhairt ag an bpointe seo. Tá sé curtha in iúl ag an údarás go bhfuil an eagraíocht féin ag breathnú ar na féidearthachtaí infheistíocht chaipitil a dhéanamh in Arramara Teo. mar chuid den phróiseas seo. Tá curtha in iúl ag an údarás freisin nach raibh aon phlé le lucht bainte feamainne maidir leis an bpróiseas go nuige seo ach go roinnfear gach eolas leis na páirtithe leasmhara ar fad in am cuí.

Mar fhocal scoir, táim thar a bheith dóchasach go rachaidh an próiseas seo atá idir íámha ag Údarás na Gaeltachía chun leasa an chomhlachta Arrramara Teo., a chuid fostaithe, lucht bainte feamainne agus na hearnála i gcoitinne. Aithníonn an t-údarás an poitéinseal fáis agus forbartha atá ag an earnáil seo agus is chuige sin atáthar ag lorg páirtnéara a bheidh in ann breis luach a chur le táirgí Arramara Teo. agus bonn láidir a chur faoin bhfostaíocht a ghineann an comhlacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.