Seanad debates

Tuesday, 8 November 2011

Forbairt Tionsclaíochta

 

7:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Gabhaim buíochas leis an Aire faoi theacht isteach. Tá a fhios agam go bhfuil sé gnóthach go leor. Baineann an ábhar atá á árdú agam le comhlacht, Arramara Teoranta. Ba mhaith liom beagáinín cúlra a thabhairt ar an gcomhlacht. Is comhlacht feamainne é Arramara Teoranta. Bunaíodh é mar chomhlacht Stáit thart ar 50 bliain ó shin. Tá sé ag feidhmiú thiar i gConamara. Tá lucht feamainne ag saothrú go maith sa chomhlacht - ag baint feamainne ar fud an chósta, mar shampla - le 50 bliain. Bhí an comhlacht faoi faoi úinéireacht Stáit roimhe seo. Tá sé faoi úinéireacht Údarás na Gaeltachta le cúpla bliain anuas. Is beag forbairt atá déanta ar an gcomhlacht sa thréimhse sin. Tógtar an feamainn isteach agus déantar é a mheilt agus déantar min de. Go minic, cuirtear an abhábhar sin amach as an tír le hábhair a dhéanamh taobh amuigh den tír seo.

Nuair a bhí an comhlacht curtha faoi scáth Údarás na Gaeltachta, bhí deis an-mhaith ann forbairt a dhéanamh ar Arramara Teoranta, breis fostaíocht a chruthú, táirgíocht breise a dhéanamh agus táirgí nua ar nós plastics agus cosmetics a dhéanamh bunaithe ar an abhábhar, ach níor rinneadh aon dul chun cinn ar sin, chun an fhírinne a rá. Tá go leor imní i measc an phobail i láthair na huaire. Tá plé á dhéanamh ar todhchaí na comhlachta - céard atá in ann dó, srl. - sna meáin. Tá daoine buartha nach bhfuil airgead ag Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios againn go bhfuil an bhuiséad caipitil atá ag an údarás gearrtha siar go dona - ó €26 milliún go dtí €5 mhilliún - le sé bliana anuas. Dá bhrí sin, níl mórán airgead ag an údarás le infheistiú i gcomhlacht cosúil le seo. Deirtear linn go bhfuil comhráití ar siúl le infheisteoirí a mhealladh chun Arramara Teoranta a fhorbairt. Ba mhaith le lucht bainte na feamainne soiléiriú a fháil ar todhchaí na comhlachta. Céard atá i gceist ag an Rialtas a dhéanamh?

An imní atá ann ná go dtiocfaidh comhlacht mór ó Ceanada, an Fhrainc, an Iodáil nó tír éigin eile isteach agus go dtógfaidh siad an feamainn amach as an tír, agus nach bhfaighfidh muintir na háite brabach ar bith as an feamainn. Breathnaítear ar an bhfeamainn mar cheann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn. Tá saineolaí ag rá go bhfuil an feamainn atá againn in Éirinn níos luachmhaire i láthair na huaire ná an feamainn in aon áit eile ar domhain. Tá an tSeapáin imithe as an margadh mar gheall ar an ngéarchéim núicléach sa tír sin agus tá truailliú in áiteanna eile. Tá an feamainn atá againn ar nós ór ar na cladaigh. Tá an acmhainn tábhachtach seo iontach luachmhar.

San aimsir atá againn faoi láthair, leis an géarchéim eacnamaíochta, tá deis iontach againn fostaíocht a fhorbairt in iarthar na tíre, go háirithe i gConamara, Contae an Chláir, Contae Mhaigh Eo agus mar sin de. Is féidir é a dhéanamh suas chomh fada le Tír Chonaill agus síos chomh fada le contae an Aire Stáit, Ciarraí. Tá an-deis againn bheith ceannródaíoch anseo, ach caithfimid an infheistíocht ceart a dhéanamh. Má tá múnla nua le cur i bhfeidhm leis an chomhlacht seo a chur chun cinn, an mbeidh sé i gceist dul i gcomhairle leis an lucht bainte feamainne agus an pobal áitiúl le feiceáil an mbeidh siad in ann scaireanna a bheith acu sa chomhlacht seo? An mbeidh siad ábalta bheith rannpháirteach san fhorbairt? An mbeidh deis acu brabach a bhaint as an táirgíocht a dhéanfar sa chomhlacht? Beidh mé thar a bheith buíoch as freagra a chloisteáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.