Seanad debates

Thursday, 9 June 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

12:00 pm

Photo of Jim D'ArcyJim D'Arcy (Fine Gael)

Ar dtús, molaim an Aire Stáit as teacht isteach agus léargas ar an straitéis 20 bliain a chur os ár gcomhair. Gabhaim comhghairdeas leis as a cheapachán. Luaigh sé Micí Mac Gabhann agus Rotha Mór an tSaoil. Nuaira chuaigh Micí go dtí an Yukon ag lorg óir, bhí sé ag marcaíocht ar mhaidí na gcosán de bharr easpa airgid agus araile. Tá an Ghaeilge ag marcaíocht ar mhaidí na gcosán faoi láthair in áiteanna sa tír. Tá géarghá leis an straitéis seo agus tá géarghá le Aire mar an tAire Stáit leis na haidhmeanna atá sa straitéis a chur i gcrích. Tá a lán muiníne agam san Aire agus san aonad straitéise atá bunaithe aige. Tá a fhios agam go ndéanfaidh siad a fíor ndícheall chun aidhmeanna an phlean a chur i gcrích.

Tá a lán rudaí maithe sa phlean chun é sin a dhéanamh sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht, ach is é an rud ná go gcuirtear i gcrích iad. Is í phríomh aidhm na straitéise ná líon na ndaoine a labhrann Gaeilge gach lá a mhéadú ó 83,000 go dtí 250,000 agus líon na gcainteoirí dúchais a mhéadú go dtí 25%. Ach ní comhaireamh amháin atá i gceist. Tá eolas againn go léir ar an scéal le Flann O'Brien faoin gcigire ag comhaireamh na leanaí sa leaba a bhí ag labhairt Gaeilge. Chomhair sé ó dhuine go deichniúr agus an muc ina measc i lár an leaba. Dúirt an cigire go raibh siad iontach maith ag labhairt, ach gurbh é an leanbh i lár an leaba an duine is fearr ag labhairt na Gaeilge. Níl muid ag iarraidh dul an treo sin. Próiseas atá ann, agus tuigeann an Seanadóir Ó Clochartaigh céard atá i gceist le "próiseas". Is é an próiseas an rud is tábhachtach.

Tá ról iontach tábhachtach ag na príomh páirtithe, an Roinn Oideachais agus Scileanna, Údarás na Gaeltachta agus Foras na gaeilge, gan trácht ar an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Bhí lúcháir orm éisteacht leis an Seanadóir Ó Murchú agus molaim é as an méid atá déanta aige don Ghaeilge. Is maith is cuimhin liom an chéad uair a chuaigh mé go dtí an fleadh, i Listowel, i 1974. Bhí mé ag lorg lóistín ag an am agus dúirt bean an tí liom nach raibh aon seomra aici, go raibh an cathaoir tógtha ach go bhféadfainn codladh sa folcadán. Thóg mé é agus d'íoc mé as agus bhí am ar dóigh agam. Rinne an fleadh maitheas don turasóireacht freisin agus molaim an Seanadóir as sin. Bhí áthas orm a chloisteáil freisin nach bhfuil an Seanadóir chun political football a dhéanamh as seo. Dá mbeadh a chara anseo, bheadh sé ag tabhairt buille beag dó ach d'imigh sé. Cá bhfuil sé? Cúpla lá ó shin bhí sé ag iarraidh political football a dhéanamh den údarás.

Molaim an Aire Stáit as an rud atá á dhéanamh aige leis an údarás. Tá sé chun é a chur ar bun arís. Tá fógairt á dhéanamh faoin bpríomh fheidhmeannach agus beidh na comhairlí contae in ann baill a ainmniú don údarás. Tá súil agam go mbeidh Gráinne John Gráinne ar an údarás, cé gur ball de Shinn Féin í. Is sean cara liom í agus tá a fhios agam go bhfuil an dúil aici sa Ghaeilge. Vóta muiníneach a ghlaoigh cathaoirleach an bhoir, Liam Ó Cuinneagáin, ar an scéal. Ar an Fhal Carrach Dé hAoine seo caite, fuair an Aire Stáit bualadh bos millteannach ó bhaill an údaráis nuair a luaigh sé cad a bhí le tarlú.

Is maith an rud é go bhfuil baint ag Foras na Gaeilge leis an straitéis seo, mar is all-Ireland body é a cuireadh ar bun faoin Good Friday Agreement. Tá a fhios agam go bhfuil faitíos ar dhaoine go gcuirfear daoine éigin ar an fhoras a spoke isteach sna rothaí. Ach tá sé iontach tábhachtach na all-Ireland institutions, mar Fhoras na Gaeilge, a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt dóibh. B'fhéidir go mbeidh deacrachtaí leis an straitéis ón dtaobh sin de, maidir leis an Ghaeilge Albanach agus rudaí mar sin, ach caithfidh muid na deacrachtaí sin a oibriú amach. Tá spin maith orm inniu. De gnáth ní féidir liom aontú le Sinn Féin sa Teach seo, ach caithfidh mé a rá go bhfuil Sinn Féin lán dáiríre faoin teanga agus go ndéanann sé obair iontach mhaith don teanga. Bheinn breá sásta comhoibriú le baill Shinn Féin am ar bith, áit ar bith ar son na Gaeilge. Mar adúirt an Seanadóir Ó Murchú, caithfimid go léir obair le chéile. Is breá liom a fheiceáil go bhfuil scaifte chomh mór anseo do na ráitisí seo ach caithfimid obair le chéile.

Maidir leis na gaelscoileanna, is rud maith atá iontu agus tá obair iontach mhaith ag tarlú iontu. Is múinteoir mé agus bhí mé ag caint le priomhoide fúthu ar maidin. Tá an Ghaeilge ag fáil bháis i ghnáth bunscoileanna na tíre. Ar tharla seo de bharr go bhfuil na páistí atá an-suim acu sa Ghaeilge ag freastal ar na Gaelscoileanna nó an bhfuil rud éigin cearr leis an gcuraclam? The latter, sílim. Caithfimid an cheist sin a phlé mar tá sin iomlán fíor. Tá na múinteoirí ag obair dhá uair níos cruaidhe agus níl siad ag fáil a leath ó na páistí. Tá siad ag obair i "Twilight Zone" - "Let us go the planet Zog now agus beimid ag foghlaim na Gaeilge." Tá sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar an fhadhb sin. Rud amháin gur féidir a dhéanamh ná na mic léinn sna coláistí traenála a chur go dtí an Ghaeltacht ag tús an chúrsa agus an Ghaeilge a chothú mar sin.

Thiocfadh liom i bhfad níos mó a rá ach tá an t-am caite. D'fhiafraigh mé den Aire Stáit an straitéis tarrthála nó straitéis fhorbartha í seo. An dá cheann is dócha. Tá sé ráite ag an Aire go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar na cloich is mó ar a phaidrín mar Aire Stáit. Creidim sin ach, cibé rud, beimid ag faire ar an Aire Stáit agus tá súil agam go dtiocfaidh sé isteach sa Teach seo arís go rialta chun update a thabhairt dúinn. Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh nach ionann caint agus gníomh ach tá a fhios ag an Aire Stáit gur ionann iad. Molaim an tAire Stáit agus gabhaim buíochas dó as teacht isteach inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.