Seanad debates

Thursday, 9 June 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

12:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Tá lúcháir orm go bhfuil an tAire Stáit anseo inniu, comhghleacaí ó mo dháilcheantar féin agus ón cheantar a bhfuil mé féin i mo chónaí ann thuas, cé bhfuil sé i bparóiste Ghaoth Dobhair agus mise i bparóiste ansin i nGort a' Choirce. Tá lúcháir orm bheith ábalta a rá go bhfuil an tAire Stáit sa phost ina bhfuil sé; tá sé tuilte aige mar tá go leor obair déanta aige thar na blianta do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, chan amháin i nDún na nGall ach ar fud na tíre, agus é ina ionadaí poiblí.

Tá brón orm nach raibh mé anseo lena óráid a chloisteáil mar bhí cruinniú eile agam ach bhí mé ag léamh cuid den méid a chuir sé i láthair agus níl aon dabht ann go bhfuil na páirtithe polaitiúla go léir ar aon-intinn i dtaca leis an Ghaeltacht agus an Ghaeilge. Tá lúcháir orm go bhfuil straitéis ann anois atá aontaithe i dtaca leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht, an todhchaí agus na spriocanna atá leagtha amach ansin. Tá bealach leagtha amach don teanga as seo go dtí 2030.

Mar a dúirt an Seanadóir D'Arcy, le roinnt blianta bhí an Ghaeilge ag crosbhóthar, go háirithe sna 1990í, nuair a bhí sé deacair tabhairt ar an ghlúin óg an Ghaeilge a labhairt, chan amháin taobh amuigh den Ghaeilge ach taobh istigh fosta. Bhí Michael D. Higgins ansin ag an am nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge agus tá an obair atá déanta ag TG4, mar a thugtar air anois, suntasach amach agus amach leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga "cool" do na daoine óga ag leibhéal scolaíochta agus sa bhaile. Tá roinnt daoine óga anois ag amharc ar TG4 chomh minic agus atá siad ag amharc ar stáisiún ar bith eile. Tá an-obair déanta ag Raidió na Gaeltachta le beagnach 40 bliain anuas leis an Ghaeilge a chur chun mar mheán cumarsáide ar fud na Gaeltachta agus taobh amuigh fosta. Tá an obair sin le feiceáil ó lá go lá agus sinn ag éisteacht le cláir Raidió na Gaeltachta. Sa chomhthéacs sin, tugaim ard-mholadh do Raidió na Gaeltachta agus TG4 as an méid atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Níl mé ag iarraidh dul thar na pointí céanna a rinneadh cheana ach tá lúcháir orm go raibh an tAire Stáit i láthair an deireadh seachtaine seo caite i nGaeltacht Dhún na nGall, áit a labhair sé faoin phlean atá leagtha amach ag an Rialtas, agus na céimeanna atá sé le glacadh leis an straitéis a chur i bhfeidhm. Cuireadh fáilte roimhe ag bord an údaráis, áit ar léirigh sé na pointí is tabhachtaí ann ó thaobh na straitéis de. Bhí caint ansin agus inniu i dtaca leis an Ghaeltacht ghréasáin agus stádas reachtúil de chineál a thabhairt do cheantar Ghaeltacht ghréasáin, ceantar atá taobh amuigh den Ghaeltacht, agus b'fhéidir go dtiocfadh leis an Aire Stáit míniú a thabhairt dúinn ar an slat tomhais a bheadh á úsáid. Gan dabht bheadh na Gaelscoileanna tábhachtach i gceantair mar sin mar i ndiaidh an fháis a tharla le blianta anuas leis na Gaelscoileanna, tá sin fíor-thábhachtach d'fhás na teanga taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl aon dabht ach go bhfuil ceantair ann anois go dtiocfadh leo bheith istigh sa ghréasán úr taobh amuigh den Ghaeltacht

Ó thaobh an mholta atá sa straitéis i dtaca le stádas reachtúil a thabhairt do bhailte seirbhísí Gaeltachta, cén sórt slat tomhais a bheidh in úsáid ag an Roinn chun an stádas sin a oibriú amach, an mbeadh, mar shampla, comhoibriú leis an chomhairle contae leis an stádas sin a bhaint amach?

Tá lúcháir orm fosta go bhfuil an Roinn Ealaíne, Oidhreachta agus Gaeltachta ag feidhmiú anois leis an straitéis a chur i bhfeidhm agus gnóthaí Gaeilge a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Cuirim fáilte fosta roimh an bhealach go bhfuil Foras na Gaeilge ag leanúint ar aghaidh le cur chun cinn na Gaeilge agus na dualgais éagsúla atá aige taobh amuigh den Ghaeltacht. Cuirim fáilte roimh an chinneadh atá déanta go bhfuil Údarás na Gaeltachta le díriú ar na feidhmeannaigh atá aige sa Ghaeltacht agus go bhfuil an Roinn agus Foras na Gaeilge le bheith ag feidhmiú ar an straitéis a chur i bhfeidhm taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sin ciallmhar. Léigh mé alt in The Irish Times le gairid a chuir an t-iarfheidhmeannach de chuid Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, agus sin an moladh a bhí aige fosta, gur chóir ligint don údarás leanúint ar aghaidh leis na cúraimí taobh istigh den Ghaeltacht agus go mbeadh Foras na Gaeilge ag leanúint ar aghaidh le cur chun cinn na straitéise lasmuigh den Ghaeltacht. Cé go bhfuil an moladh sin sa straitéis a foilsíodh - gur chóir don údarás díriú isteach ar churaimí taobh amuigh den Ghaeltacht - mheas mé nach raibh sin praiticiúil agus cuirim fáilte roimh an soiléiriú air sin ó shin.

Braitheann go leor den straitéis ar fhoinsí airgead a bheidh ar fáil. Tá maoiniú tábhachtach ag an phointe seo go háirithe agus tá sé tábhachtach go mbeidh gach Roinn Rialtais sásta an t-airgead agus an t-am agus an saothar a chur ar fáil leis an straitéis a chur i bhfeidhm. Tá súil agam go mbeidh na céad céimeanna le feiceáil sa cháinfhaisnéis a thiocfaidh aníos. San nóiméad deireannach, ba mhaith liom díriú isteach ar chupla phointe i dtaca le hÚdarás na Gaeltachta. Mar a dúirt an t-Aire Stáit ag an deireadh seachtain le linn Chomórtas Peile na Gaeltachta, beidh an t-údarás ag coinneáil na cúramaí fiontraíochta. Beidh cead an an údarás príomh fheidhmeannaí úra a fhostú, ach amháin go gcaithfimid fanacht go dtí go mbeidh an Bille Gaeltachta foilsithe i dtaca leis na sonraí i dtaca leis an stadas fiontraíochta?

Cé go n-aontaím leis an Aire Stáit ar gach uile rud, ní aontaím leis an cinneadh atá déanta ag an Rialtas i dtaca le guth phobal na Gaeltachta i dtoghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt chun siúl. Ba chóir an deis a thabhairt i gcónaí do phobal na Gaeltachta mar gur throid na daoine ins na seachtoidí agus ins na hochtóidí le go mbéadh guth acu agus deis comhaltaí s'acu féin a thoghadh ar an bhord. An dóigh atá sé leagtha amach ag an Rialtas anois, bhéadh sé suas ag comhairleoirí contae nó ag daoine as taobh amuigh den Ghaeltacht comhaltaí a ainmniú ar an bhord. Céim mhór chun cúil a bhéadh ansin agus bheinn ag impí ar an Aire Stáit gach bhrú a chur ar an Rialtas ath-bhreithniú a dhéanamh an smaointiú sin agus toghchán a reachtáil. Tá a fhios againn go bhfuil costais le toghcháin a reachtáil, ach ní féidir costais ar bith a chur ar an daonlathas. Throid muid san tír seo fá choinne an daonlathais. Ní féidir linn costais a chur air. Más é an smaointiú atá ag an Rialtas deireadh a chur le toghchán de bhrí go gcosnódh sé €500,000, bhéadh sé chomh maith deireadh a chur le gach reifreann agus le gach toghchán don tSeanad, don Dáil agus do chomhairlí contaethe agus le toghchán ar bith eile. Tá toghchán an údaráis chomh tábhachtach le toghchán ar bith eile, mar go bheireann sé deis do phobal na Gaeltachta daoine ón phobal a thoghadh atá sásta glór s'acusan a nochtadh agus a chur chun tosaigh ag leibhéal bhord an údaráis. Tá an t-údarás fíor thábhachtach go deo don Ghaeltacht agus do chúrsaí fostaíochta, shóisialta agus eacnamaíochta taobh istigh de limistéir na gceantair Gaeltachta.

Ta lúcháir orm go bhfuil an t-Aire Stáit anseo. Guím gach rath air ina chuid cúramaí. Tá cúramaí tábhachtacha faoina bhráid agus tá a fhios agam go ndéanfaidh sé a dhícheall. Bheinn ag impí air i dtaca le toghchán an údaráis. Tá a fhios agam gur cinneadh an Rialtais atá ann ach tá mé cinnte go mbeidh sé ábalta a chuid "influence" a úsáid chun ath-bhreithniú a dhéanamh ar an chinneadh sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.