Seanad debates

Thursday, 9 June 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

12:00 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Go raibh maith ag an Aire Stáit. Tá sin thar a bheith tábhachtach. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Uaireanta, ceapann daoine go bhfuil leisce de shaghas ar an Roinn an t-aitheantas ceart a thabhairt don Ghaeilge maidir leis na gaelscoileanna agus mar sin de. Is cuma cad atá á dhéanamh ag an Rialtas nó ag na Ranna Stáit muna bhfuil an pobal féin ag déanamh a gcionn chomh maith. Caithfidh an pobal a bheith chun tosaigh maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus tá an-áthas orm go bhfuil sin luaite sa straitéis. Tá an straitéis thar a bheith ilghabháileach. Más rud é gur féidir linn an pobal a mhealladh chuig úsáid na Gaeilge - cúpla focal, is cuma cé mhéid - is maith sin, mar tá an dea-thoil ann i láthair na huaire. Maidir leis na heagrais Gaeilge atá ann, tá súil agam go mbeidh an Rialtas in ann leanúint ar aghaidh ag cabhrú leo. Tá áthas orm go mbeidh freagracht chur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta. Ní bheadh sé go maith dá mbeadh sin á dhéanamh ag dream lasmuigh den Ghaeltacht. Tá áthas orm chomh maith nach bhfuilimid ag cur an Ghaeilge í féin mar chúram go hiomlán ar an údarás. Tá súil agam go leanfaidh an údarás ag díriú ar an Ghaeltacht fhéin.

Mar fhocal scoir, tá súil agam go mbeidh seans ag an Aire teacht isteach anseo go rialta agus go mbeidh muid in ann an dul chun cinn a mheas, go mbeidh seans againn moltaí a chur ar aghaidh agus, go mórmhór, go mbeidh muid in ann comhoibriú leis an Aire Stáit agus cabhair a thabhairt dó, mar beidh éacht ag teastáil san iarracht seo. Tá sé tábhachtach nach mbeidh muid ag caitheamh anuas ar a chéile mar ní bheadh an toradh ceart ar an obair ansin. Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis an Aire Stáit agus bail ó Dhia ar féin agus ar an Ghaeilge iontach atá aige. Is maith an rud é go bhfuil Aire den ghradam sin againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.