Seanad debates

Thursday, 28 October 2010

Scéim Tógála Scoileanna

 

4:00 pm

Photo of Mary CoughlanMary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)

I dtús báire ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Seanadóir as an cheist seo a tharraingt anuas mar go dtugann sé deis dom cuntas a thabhairt do ar na nithe reatha a bhaineann le haitheantas do scoileanna nua go ginearálta.

Faoi mar is eol don Seanadóir b'fhéidir, tá athbhreithniú ar súil ag an gCoimisiún um Chóiríocht Scoile i láthair na huaire ar na nósanna imeachta um bunú scoileanna nua. Nuair a d'fhógair an tAire Oideachais deireanach an t-athbhreithniú, dúirt sí nach mbunófaí aon bhunscoileanna nua roimh chríoch an athbhreithnithe agus roimh nósanna imeachta leasaithe a cheapadh ach amháin in áiteanna mar a bhfuil gá le scoileanna nua de bharr fás sa daonra. Foráileann na socruithe eatramhacha d'aitheantas do scoileanna nua le linn an athbhreithnithe; cuirfidh cathaoirleach an Choimisiúin um Chóiríocht Scoile comhairle orm i gcásanna ina léiríonn breis is pátrún amháin spéis i scoil nua a oscailt in áiteanna mar a bhfuil gá le scoil nua chun freastal ar ardú daonra. Táim ag súil le tuarascáil an choimisiúin go luath agus nuair a bheidh sé agam breithneoidh mé cursaí beartais agus na socruithe riachtanacha mar aon le haon nósanna imeachta leasaithe a bheidh riachtanach.

Rinne an rannóg pleanála don todhchaí sa Roinn staidéar ar an tír iomlán féachaint céard iad na háiteanna ina mbeidh gá le cóiríocht bhreise suntasach sna blianta romhainn, de thoradh athruithe daonra. Tar éis na mionanailíse sin ba léir dom go mbeadh sé stuama dul i mbun pleanála do scoileanna nua a thiocfaidh ar an bhfód i mí Mheán Fómhair 2010 chun freastal don mhéadú ar éileamh in áiteanna sainaitheanta. Chuathas i gcomhairle go mion sa bhliain 2009 le gach pátrún maidir leis na háiteanna i gceist. Faoi mar is eol don Teachta b'fhéidir, bhí Ráth Tó ar cheann de na háiteanna sin i dtús báire. Scaipeadh eolas ar gach pátrún scoile sa bhliain 2009 mar gheall ar na háiteanna ba mhó an fás ar dhaonra agus mar gheall ar an méadú dóchúil ar líon na ndaltaí. Tugadh cuireadh do na pátrúin tograí a cheapadh i leith leathnú na scoileanna atá anois ann chun freastal don mhéadú ar líon na ndaltaí nó go deimhin iad féin a chur ar aghaidh mar phátrún d'aon bhunscoil nua a bheadh de dhíth.

Bunaithe ar mhionanailís ar an méadú i líon na ndaltaí don bhliain 2010 agus ar na spásanna sna scoileanna atá anois i Ráth To, agus ag cur san áireamh eolas a fuarthas ó fhorais phátrúnacha maidir le Ráth Tó, bhí an Roinn sásta go bhféadfaí freastal do líon na ndaltaí nua sna scoileanna atá anois ann agus nach mbeadh gá le scoil nua sa cheantar do Mheán Fómhair 2010. Athbhreithneofar an staid maidir le cibé an gá soláthar breise a dhéanamh i gceantar Ráth Tó i mí Mheán Fómhair 2011 i bhfianaise na riachtanais agus tar éis dul i gcomhairle leis na forais phátrúnachta. Más amhlaidh, tar éis anailís na ranna pleanála don todhchaí ar riachtanais scoile sa todhchaí, go meastar go mbeidh gá le cóiríocht shuntasach bhreise i Rath Tó, rachaidh an Roinn i gcomhairle le gach ceann de na forais phátrúnacha, faoi mar a rinneadh sa bhliain 2009, maidir le conas a bhféadfaí an chóiríocht bhreise sin a sholáthar.

Ar deireadh, ba mhaith liom a dhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtach ag bunscoileanna i dtaobh caomhnú agus leathnú a dhéanamh ar an chéad teanga oifigiúil. Aidhm thábhachtach de chuid Rialtas na hÉireann riamh anall ab ea an Ghaeilge a chur chun cinn agus a háit sa chóras oideachais a chosaint. Is léir sin sa líon Gaelscoileanna a aithníodh le blianta beaga anuas - 17 san iomlán sa bhliain 2005. Uair amháin eile, gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an deis a thabhairt dom cuntas a thabhairt don Seanad ar an suíomh maidir le bunú scoileanna nua.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.