Seanad debates

Thursday, 28 October 2010

Scéim Tógála Scoileanna

 

4:00 pm

Photo of Dominic HanniganDominic Hannigan (Labour)

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Tánaiste chuig an Teach. I Ráth Tó le roinnt blianta anuas tá tuismitheoirí ag iarraidh gaelscoil áitiúil a bhunú. Tá fás tagtha ar a lán sa bhaile seo thar na 15 bliain anuas. Sna 1990aidí bhí sé mar sráidbhaile beag, le b'fhéidir 800 daoine ina gcónaí ann. Anois, tá 8,000 daoine ina gcónaí ann. Tá áiseanna curtha ar fáil don bhaile agus is áit an-taitneamhach é le caighdeáin maireachtála maithe ann.

Tá scoileanna an-mhaith i Ráth Tó agus tá caighdeán oideachais an-ard á chur ar fáil do leanaí. Níl aon Ghaelscoil áitiúil i Ráth Tó, áfach. Cosúil le háit ar bith in Éireann, bheadh go leor tuismitheoirí an bhuíoch a bpáistí a chur tríd oideachas trí mheán na Gaeilge.

Tháinig na tuismitheoirí le chéile i Ráth Tó agus mheas siad go mbeadh na céadta acu sásta a bpáistí a sheoladh chuig Gaelscoil áitiúil, dá mba rud é go raibh ceann ar fáil. Cheap siad go mbeadh siad in ann scoil a bhunú dá bhfaighfeadh siad cabhair ón Roinn Oideachas. Ach ansin thuig siad go raibh sé níos deacra ná mar a cheap siad. Bhí siad i dteagmháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Fuair an Roinn amach go raibh neart spáis ann i scoileanna Ián Béarla i Ráth Tó agus de bhrí sin, dúirt an Stát nach raibh gá ann chun Gaelscoil a bhunú. Bhí ionadh ar go leor daoine a fháil amach nach mbeadh an Stát in ann cabhair a thabhairt chun scoileanna nua a bhunú chun páistí a threorú in a dteanga náisiúnta. Ní raibh na tuismitheoirí sásta agus lean siad ar aghaidh. I Meán Fómhair na mbliana seo, bhailigh siad airgead chun múinteoir a fhostú ar feadh bliana agus thug lucht gnó na háite trealamh don scoil.

Thug mé cuairt ar an scoil coicís ó shin. Tá sé bunaithe ar an gcéad úrlár san ionad phobail áitiúil. Tá deichniúr páistí ann agus múinteoir amháin. Is sampla iontach de chumhacht an phobail áitiúil í an scoil ar chonas dul i ngleic leis an bhfadhb seo, ach tá brú ar na tuismitheoirí agus na daltaí. Tá níos mó na 100 mac léinn a bheadh suim acu clárú i scoil amárach da mbeadh an seans acu. É sin raite, tá cead ag an scoil fanacht san ionad phobail go dtí go mbeidh 30 páistí ann, ach ansin beidh orthú bogadh go suíomh atá níos mó. Tá fhios acu go bhfuil suíomh níos mó ann, ach sar a dtarlaíonn sin, tá sé tábhachtach go n-aithníonn an Roinn an scoil seo. Is cóir an seans a bheith ag tuismitheoirí a gcuid bpáistí a chur isteach i nGaelscoil más mian leo. Mar a dúirt tuismitheoir amháin ar bhord bainistíochta na scoile liom le deanaí, is cás cearta teanga é. Tá dhá cheantar Gaeltachta i gContae na Mí agus tá an Ghaeilge beo bríomhar agus flúirseach sa chontae ríoga. Tá an tAire ábalta cabhrú leis an teanga a neartú leis an scoil seo, má thugann sí tacaíocht di.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.