Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Second Stage (Resumed)

 

5:00 am

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Tá lúcháir orm deis a bheith agam labhairt ar an Bhille seo. Is duine de na comhaltaí mé a toghadh do bhord Údaras na Gaeltachta dhá uair, in 1999 agus arís in 2005. Gabhaim buíochas fosta do chomhaltaí Údarás na Gaeltachta, 17 acu atá tofa ag pobal na Gaeltachta agus tríúr ainmnithe ag an Aire, an cathaoirleach Liam Ó Cuinneagáin san áireamh. Gabhaim buíochas fosta d'fheidhmeannaigh an údaráis as an dea-obair atá ar siúl acu ó cheann ceann na bliana.

Dúradh liom am amháin gur fiú dul de réir mholtaí an Bhoird Snip deireadh a chur le cúraimí fionntraíochta an údaráis ach ní aontaím leis sin. Cé go raibh polaiteoirí ag rá gur fiú an IDA a thabhairt isteach in áit an údaráis, ní aontaíom ach oiread. Na ceantair atá faoi chúram Údarás na Gaeltachta, is iad na ceantair is iargúlta sa Stát. Dá mbeadh an réimse fostaíochta a bhaineann leis na ceantair sin faoi chúram Enterprise Ireland nó an IDA, ní bheadh an fócas ceart ar na cúraimí sin. Dá bhrí sin, ní bheadh an méid fostaíochta céanna á chruthú sa Ghaeltacht.

Tá thart ar 12,000 duine ag obair i gcliaint-chuideachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta, agus thart ar 100 fostaithe san údarás féin. Glacaim go bhfuil athruithe i ndán don údarás, agus tá sin ag teacht chun cinn sna moltaí atá sa dréachtstraitéis agus sna cruinnuithe poilblí a reáchtálaíodh. Cuirim fáilte roimhe sin, mar is cóir i gcónaí athruithe a dhéanamh a rachaidh chun sochar pobail, pobal na Gaeltachta sa chás seo. Má tá athruithe substaintiúil le teacht chun tosaigh, is fiú díospóireacht fhada a bheith againn orthu. Inniu táimid ag plé síneadh ama a chur le ham reatha an bhoird seo. Cé nach bhfuil tuairim phearsanta agam air seo - bhí mé ag súil le toghchán i mbliana, agus réidh leis - ní féidir ach dul de réir an méid atá ráite ag an Aire sa cháipéis, dá rachfaí ar aghaidh le toghchán i mbliana agus polasaithe úire ag teacht isteach, agus athruithe le déanamh ar an bhord, bheifí fágtha ansin le struchtúr nach mbeidh in ann feidhmiú. Caithfimid bheith cúramach agus glacadh leis an mholadh atá os comhair an Tí.

Ó thaobh na gcúraimí úire agus na moltaí a bheidh ag teacht chun tosaigh as obair an fhochoiste, tá sé tábhachtach go mbeidh díospóireacht fhada againn ar na hábhair sin nuair a bheidh an t-am ceart ann. Tá cúraimí fionntraíochta Údarás na Gaeltachta criticiúil do thodhchaí na Gaeltachta. Tá 12,000 ag obair i gcliaint-chuideachtaí de chuid an údaráis, agus má tá an t-údarás le hathrú go dtí údarás na Gaeilge, agus cúraimí breise ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge ar fud an Stáit ann, tá sé tábhachtach go gcoinneofar na cúraimí sin agus nach mbeidh cliseadh orthu.

Tá taithí agus scileanna ag feidhmeannaigh an údarás, i gcomhairle leis an Roinn, chun na spriocanna go léir atá sna polasaithe nua atá ag teacht chun tosaigh a chur i bhfeidhm agus an Ghaeilge a fhorbairt agus a neartú. Ag deireadh an lae, an príomhrud atá i gceist anseo ná an Ghaeltacht a láidriú. Tá sé tábhachtach go mbeimid in ann coinneáil leis an dea-obair atá ar siúl cuideachtaí a mhealladh, tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí agus daoine a choinneáil sa Ghaeltacht.

Cuirim fáilte roimh an chinneadh a rinne an Rialtas inniu - cead oifigiúil a thabhairt don airgead a bhí ceadaithe ag bord Údarás na Gaeltachta chun gur féidir 40 post nua a chruthú i bpáirc ghnó Ghaoth Dobhair i gcuideachta ansin agus gabhaim buíochas don Aire as sin a cheadú. Sin sampla den obair atá ar siúl, go bhfuil 40 post úr cruthaithe i nGaoth Dobhair, i nGaeltacht Dhún na nGall agus go mbeidh an chuideachta sin in ann earcaíocht a thosú agus in ann dul ar aghaidh leis an obair atá i gceist aici.

Caithfimid glacadh leis an treoir anseo, a bheith ciallmhar agus a bheith cinnte nach ndéanfaimid rud ar bith inniu a rachaidh i gcoinne na dea-oibre atá déanta ag an chomhchoiste, ag na grúpaí pobail go léir a chur aighneachtaí isteach, agus go dtabharfaimid deis don phróiseas sin leanúint ar aghaidh. Nuair a bheidh sin críochnaithe, agus an ról úr atá i ndán don údarás socraithe, is féidir linn ansin, chomh luath agus is féidir, toghchán a reáchtáil agus is féidir le pobal na Gaeltachta bord úr a thoghadh cibé am a bheidh an toghchán sin ar siúl.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.