Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Second Stage (Resumed)

 

6:00 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)

Is deas go bhfuil díospóireacht ar siúl sa Teach seo faoi reachtaíocht a bhaineann leis an Ghaeltacht. Ar an drochuair, ní bheidh mé ag tabhairt tacaíochta don reachtaíocht sin. Tá sé scanallach go bhfuil mé anseo le trí bliana ag iarraidh reachaíochta ar ábhair éagsúla a bhaineann leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht agus gurbh é seo an chéad Bhille a tháinig isteach go dtí an Teach - ag iarraidh toghchán agus daonlathas a chur siar. Ní bheidh mé ag tacú dá leithéid leasaithe d'Acht Údarás na Gaeltachta.

Tá a fhios againn uilig go bhfuil eagla na domhain ar an Rialtas roimh toghcháin. Chímid sin leis an Bhille atá romhainn agus leis na fothoghcháin i nDún na nGall Thiar-Theas, i bPort Láirge agus i mBaile Atha Cliath. Dá mbeadh seans ag an Rialtas an t-olltoghchán a chur siar, bheadh leithscéal eile á chur os ár gcomhair ag rá nár cheart an t-olltoghchán a bheith againn cionn is go mbeadh rudaí beaga le déanamh.

Tháinig an tAire agus daoine eile isteach sa Teach seo agus tá siad ag úsáid na Gaeilge agus na straitéise 20 bliain chun na toghcháin seo a chur siar. Ní ceart sin ar chor ar bith. Dúirt an tAire ina óráid gur maith an rud é go bhfuil comhoibriú idir na páirtithe polaitiúla uile ar an chomhchoiste. Luaigh mé féin sin ar dtús mar má táimid le straitéis 20 bliain a shocrú agus a chur i bhfeidhm, caithfimid cinntiú go bhfuil na páirtithe uile ar bord leis na polasaithe. Níl a fhios againn cénuair a bheidh athrú Rialtais ann agus seans go mbeidh Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre nó páirtí eile i gceannas an chéad uair eile. Tá polasaí ag Fine Gael atá contráilte don straitéis ó thaobh oideachais de agus ó thaobh na Gaeilge mar ábhar éigeantach don ardteist de. Caithfimid bheith cinnte agus sinn ag tosú leis an obair seo go bhfuil gach duine ar bord.

Ní cúis sin, áfach, na toghcháin seo a chur siar. Is ceart na toghcháin a bheith againn mar is daonlathas sin, agus is ceart go mbeidh siad againn ní amháin anois ach, i ndáiríre, i mí Aibreáin seo caite. Bhímid in ann na toghcháin a bheith againn i mí Aibreáin 2009 ach níor ghlac an Rialtas an cinneadh sin. Tá deacrachtaí ó thaobh na straitéise de agus ó thaobh cheist Údarás na Gaeltachta de. Níl sin soiléir.

Is ball den chomhchoiste mé agus tá mé ag freastal ar an fhochoiste ar a bhfuil an Seanadóir Ó Murchú mar chathaoirleach. Rinne muid uile obair mhór ar an tuairisc atá le cur os comhair an chomhchoiste an tseachtain seo chugainn. Pointe áirithe a tháinig aníos arís agus arís eile ná ceist an údaráis. Mar atá ráite ag an Seanadóir Ó Domhnaill, caithfimid sin a phlé. Ní amháin go gcaithfidh na páirtithe polaitiúla uile a bheith ar bord leis ach caithfidh pobal na Gaeltachta agus an pobal uile a bheith ar bord fosta.

Ní bheidh an reachtaíocht maidir le hÚdarás na Gaeltachta nó le húdarás na Gaeilge réidh againn taobh istigh den tréimhse atá leagtha síos againn anseo. Tá mé ag gearán sa Teach seo faoi thoghcháin do bhoird iascaigh réigiúnaigh a cuireadh siar bliain i ndiaidh bliana. Cúig bliana anois a cuireadh siar na toghcháin sin. An bhfuilimid ag dul i ndá bliana eile amach anseo Bille eile a thabhairt isteach chun leasú a dhéanamh don Bhille leasaithe ag cur bliana eile leis, ag cur daonlathais siar arís? Sin an fáth nach bhfuilim sásta glacadh leis seo, ba cheart go mbeadh na toghcháin ann agus baill nua tofa do bhord Údarás na Gaeltachta.

Tá sé ráite ag an duine a bhí i gceannas ar an Roinn roimh an Aire, an Teachta Ó Cuív, go raibh sé ar intinn deireadh a chur leis an dual mandate, nach mbeadh cead ag comhairleoir condae ná Seanadóir ná Teachta Dála bheith mar bhall ar bhord Údarás na Gaeltachta. Is rud maith é sin agus seans go mbeidh sin sa reachtaíocht úr mar is polasaí maith é. Is féidir linn, áfach, an toghchán a reáchtáil anois. Má éiríonn leis an Rialtas an reachtaíocht a thabhairt isteach le bord úr a chruthú, a choinneoidh na cúraimí agus an foireann atá aige anois, agus a ghlacfaidh cúraimí ar fud an Stáit, is féidir deireadh a chur leis an bhord sin. Ar a laghad, táimid ag caint faoi dhá bliana.

Táim tinn tuirseach ag caint faoi straitéis bunaithe ar an staidéar teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Trí bliana ó shin a cuireadh an staidéar sin faoi bhráid an Rialtais.

Chosnaigh sé chor a bheith leath-mhilliún euro agus bhí dhá bhliain de dhíth chun an staidéar a chur le chéile ar dtús báire. Ach go dtí seo, fiú leis an straitéis sin ann, níor cuireadh Bille ar bith os comhair an Tí seo ná os comhair an Tí Íochtair le ceann de na moltaí a thabhairt isteach. Níor tháinig Bille ar bith ó thaobh oideachais de, ó thaobh na Ranna de, ó thaobh béim a chur ar theaghlaigh de nó ó thaobh tacacíocht a thaibhairt do na háiseanna Gaeltachta de. Níor tháinig aon rud isteach go dtí an Teach seo.

Bhí an tuarascáil ar tábla an Taoisigh go dtí gur tháinig an stráitéis 20 bliain amach. Cuirim fáilte roimh an stráitéis 20 bliain, ach deirim arís inniu, ag an phointe seo, nach bhfuil sé láidir go leor. Tá cuid mhór rudaí iontacha maithe ann, ach tá cúpla laige ann. Le cuidiú Dé, leis an obair atá á déanamh ag an fho-choiste agus ag an chomhchoiste, agus má ghlacann an tAire leis na moltaí sin, is féidir straitéis fíormhaith a bheith againn atá ag dul chun tosaigh, atá ag tabhairt aghaidhe ar na fadhbanna sa Ghaeltacht agus fosta ag tabhairt tacaíochta don Ghaeilge taobh amuigh den cheantar sin.

Tá go leor ráite faoin díospóireacht a bhí againn agus daoine ag tabhairt a moltaí isteach agus is maith sin. Ní dhéanfaid sé aon difríocht, áfach, mura bhfuilimid sásta ní amháin éisteacht leo ach na moltaí sin a ghlacadh.

Tá mé ag dul ar ais chuig an phointe seo: tá an Bille seo ag iarraidh daonlathas a chur siar. Ní cóir don Aire úsáid a bhaint as an Ghaeltacht agus an Ghaelige. Má dhéanann sé sin, tá sé, a pháirtí agus a Rialtas ag úsáid na Gaeilge mar chleas polaitiúil. Níl fáth dá laghad nach féidir na toghcháin a reáchtáil anois, ná i mí Mhean Fomhair, ná i mí Dheireadh Fómhair, sula mbeidh an spriocdháta sa reachtaíocht thuas, go mbeidh bord úr ansin.

Táimid ag cailleadh airgid. Tá níos lú airgid ag dul isteach go dtí bord Údarás na Gaeltachta bliain iniadh bliana. Má amharcaimid ar budget na bliana seo, bhí 75% den airgead a bhí ceadaithe ag an Rialtas do bord Údarás na Gaeltachta ceadaithe cheana féin ag an bord sin chuig gnólachtaí. Cuirim fáilte roimh an airgead breise atá curtha ar fáil ach tá fadhbanna móra fostaíochta sa Ghaeltacht. Tá daoine ag éirí as a gcuid post ar bhord an údaráis agus níl na postanna sin á líonadh arís - tá líon na bpost ag laghdú fásta.

Is rud fíor-mhaith é Údarás na Gaeltachta. An rud atá de dhíth orainn anois ná bord úr a toghadh. Ba cheart go mbeadh díospóireacht againn faoin dóigh is fearr an stráitéis a chur chun cinn anseo agus cad iad na cúraimí nua a thabharfaí do bhord Údarás na Gaeltachta. Is féidir an díospóireacht sin a bheith againn ach níl reasún dá laghad nach féidir toghcháin a bheith againn taobh isteach de trí seachtaine agus nach gceapfar bord úr go dtí an lá a bheidh an reachtaíocht ag dul tríd an Teach seo le bord úr a chruthú le cúraimí úire. Ag amharc ar an leasú atá agam os comhair an Tí seo anocht, bheadh an deis agus an chumhacht ag an Aire a rá leis an bhord go mbeadh críoch lena théarma, go mbeadh bord úr ag teacht isteach faoi reachtaíocht úr a cheapfadh Tithe an Oireachtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.