Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Second Stage (Resumed)

 

5:00 am

Photo of Fidelma Healy EamesFidelma Healy Eames (Fine Gael)

Aontaím le cuspóirí an údaráis - forbairt an teanga agus forbairt eacnamaíoch agus sóisialta na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge. Tá locht mhór sa Bhille seo, áfach, tá an Rialtas, agus Fianna Fáil go háirithe, ag úsáid na straitéise teanga mar leithscéal chun an toghchán a chur siar agus mar sin ní aontaím leis an Bhille.

Chaill an Rialtas seans obair an údaráis a scrúdú ag an am seo. Mar is eol don Aire, tá an Bord Snip ag iarraidh Údarás na Gaeltachta a dhúnadh agus an obair sin a dhéanamh trí Enterprise Ireland.

Níor thug an tAire seans don phobal sa Ghaeltacht léirmheas a thabhairt ar an straitéis teanga trí mheán an toghcháin. Tá 90,000 daoine ina gcónaí sa Ghaeltacht agus sin seans scrúdú beo a dhéanamh ar an straitéis tríd an toghchán, níos fearr ná an 67 submissions a fuair an tAire, an Teachta Ó Cuív.

Teanga bheo atá ag teastáil uainn, mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú. Mar sin, is cúis náire dom agus do mhuintir na hÉireann go bhfuil Fianna Fáil ag dúnadh an dorais ar an phróiseas daonlathach ag an am seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.