Seanad debates

Thursday, 6 May 2010

12:00 pm

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ó Domhnaill as an rún seo a ardú. Níl aon amhras ach gur cuid an-thábhachtach d'infreastruchtúr Chontae Dhún na nGall é Aerphort Dhún na nGall sa Charraig Fhinn agus an bóthar réigiúnach — an R259 — a dhéanann freastal air. Measaim go bhfuil sé tráthúil an deis seo a thapú chun léargas ginearálta a thabhairt ar an infheistíocht shubstaintiúil atá déanta ag mo Roinn le roinnt blianta anuas chun feabhas a chur ar infreastruchtúr Ghaeltacht Dhún an nGall i gcoitinne. Nuair a thógtar na scéimeanna feabhsúcháin éagsúla a fheidhmíonn mo Roinn go sonrach ar mhaithe le hinfreastruchtúr na Gaeltachta a fheabhsú, ar a n-áirím scéim na mbóithre straitéiseacha, scéim na mbóithre áise, athnuachán baile, scéim na muiroibreacha do chéanna straitéiseacha agus chéanna beaga, agus scéimeanna uisce, feictear go bhfuil infheistíocht i bhfoirm deontas de os cionn €22 milliún déanta ag mo Roinn i nGaeltacht Dhún na nGall ón mbliain 2002. Bhain €13.6 milliún den tsuim iomlán seo le scéim na mbóithre straitéiseacha. Is scéimeanna tábhachtacha iad seo ar fad don Ghaeltacht.

Mar is eol don Seanadóir, bhí go leor feabhais le cur ar infreastruchtúr Ghaeltacht Dhún na nGall chun é a thabhairt go dtí caighdeán sásúil. Is cúis sásaimh agus bróid é an méid atá curtha i gcrích ag mo Roinn sa tréimhse seo. Tá a fhios agam ó na tuairimí atá nochtaithe dom sa tréimhse ghairid atá caite agam i mbun na hAireachta seo, go bhfuil pobal na Gaeltachta an-bháúil leis an méid atá curtha i gcrích ag mo Roinn chun bonn láidir a chur faoi infreastruchtúr agus eacnamaíocht na Gaeltachta araon. Is fiú aird a tharraingt freisin ar an infheistíocht fhiúntach atá déanta thar na blianta trí scéimeanna eile faoi choimirce mo Roinne féin, ar nós CLÁR, Leader, cláracha forbartha pobail agus scéimeanna oileán. Ar ndóigh, cuireadh tacaíocht fhiúntach ar fáil trí Ranna agus eagrais eile, ar nós Údarás na Gaeltachta, Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Comhairle Contae Dhún na nGall, ach go háirithe.

Dírím anois ar an cheist shonrach atá curtha ag an Seanadóir maidir leis an mbóthar réigiúnach a dhéanann freastal ar Aerphort Dhún an nGall. Ar an gcéad dul síos, ní mór a shoiléiriú go bhfuil an fhreagracht maidir le cúram an bhóthair agus bóithre réigiúnacha eile an chontae ar Chomhairle Chontae Dhún an nGall. Thionscnaigh mo Roinn scéim na mbóithre straitéiseacha chun dlús a chur leis an sprioc go mbeadh rochtain d'ardchaighdeán curtha ar fáil go dtí gach priomhcheantar Gaeltachta sa tír. Ón mbliain 2002, mar sin, tá deontas de bhreis ar €2 mhilliún curtha ar fáil ag mo Roinn don bhóthar áirithe seo. Ceadaíodh an deontas deireanach de €200,000 ar 14 Bealtaine 2007 agus tá an obair go léir ab ábhar don deontas seo curtha i gcrích anois.

Tuigeann an Seanadóir an cúlú eacnamaíochta atá tarlaithe le dhá bhliain anuas, ar bhonn domhanda agus náisiúnta, agus an laghdú dá réir is gá a dhéanamh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáii do Ranna Stáit ón Státchiste. Tá €2 mhilliún curtha ar fáil i Meastachán 2010 chun caitheamh ar infreastruchtúr Gaeltachta i mbliana. I bhfianaise na ngealltanais agus na dtosaíochtaí éagsúla a gcaithfear freastal orthu, ní féidir liom geallúint a thabhairt ag an phointe seo go mbeidh airgead breise anuas ar an infheistíocht mhór atá déanta cheana á chur ar fáil i mbliana don bhóthar áirithe seo, nó do bhóithre eile mar é, ach is cinnte go gcoinneoidh mé an cás faoi bhreithniú i gcaitheamh na bliana.

In ainneoin na ndúshlán eacnamaíocha a gcaithfear dul i ngleic leo, ba chúis mhór sásaimh é an infheistíocht mhór de €2.4 milliún a d'fhógair mo chomhleacaí, an tAire lompair, an Teachta Noel Dempsey, chun oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar Aerphort Dhún na nGall. Is léiriú dearfach eile é seo nach bhfuil an Rialtas ag déanamh neamhairde ar riachtanais fhorbartha Ghaeltacht Dhún na nGall.

Ba mhaith liom arís mo bhuíochas a ghabháil leis an Seanadóir Ó Domhnaill. Geallaim leis go bhfuil mé toilteanach a chás a scrúdú arís nuair a bheidh mé ar thuras go Gaeltacht Dhún na nGall go luath. Beidh mé báúil don chás. Más féidir cabhair a thabhairt don chomhairle agus don Ghaeltacht, beidh mé sásta é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.