Seanad debates

Thursday, 6 May 2010

12:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Tá lúcháir orm an Aire, an Teachta Pat Carey, a fheiceáil anseo sa Teach, tar éis dó bheith ceaptha mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Déanaim comhghairdeas leis. Is onóir mór é sin. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an Aireacht sin, go háirithe i gceantracha Gaeltachta ar nós an cheantar i nGaeltacht Dhún na nGall ina bhfuil mé i mó chónaí. Tá lúcháir orm deis a bheith agam an ábhar seo a ardú tráthnóna inniu. Baineann sé le bóthar straitéiseach i nGaeltacht Dhún na nGall, ó baile Croithlí in aice leis an N56 go dtí Aerphort Dhún na nGall. Tá an bóthar thart ar ocht nó deich míle in fhad. Téann sé fríd baile Anagaire agus an Mullach Dubh sula chasann sé isteach go dtí Aerphort Dhún na nGall. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an bóthar réigiúnach seo, de bhrí go mbíonn oiread sin carranna agus feithiclí eile ag taisteal ar an mbóthar isteach agus amach go dtí an aerphort, go mbíonn an daonra mór atá in iarthar na Rosann ag taisteal ar an mbóthar go laethúil agus go mbíonn turasóirí ag freastal ar an taobh sin tíre.

Cé go bhfuil an bóthar aitheanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall i mbliana mar an dara príomhacht i gceantar na nGleannta faoin scéim atá curtha ar fáil ag an Roinn Iompair — scéim deontais comhaoinithe an Aontas Eorpach — níl aon airgead ar fáil chun dul ar aghaidh leis an bóthar i mbliana. De réir cosúlachta, is iad na chéad príomhachtaí i ngach cheantar a fuair airgead. Ní bhfuair an bóthar seo aon airgead. Bhí meastachán de thart ar €345,000 ar fáil don chomhairle chontae i mbliana. Bhí innealtóirí bóithre an chomhairle ag rá go mbeadh sé deacair an t-airgead sin a cheadú i mbliana. Tá go leor den réamhobair déanta le roinnt blianta anuas. Dá mbeadh an t-airgead sin ar fáil anois, bheadh na hinnealtóirí in ann dromchlaí úra a chur ar na píosaí bóithre atá leathnaithe. Sa chás sin, bheadh na bóithre i bhfad níos sábháilte.

Tuigim go bhfuil brú airgid ar gach Roinn Rialtais faoi láthair. Ag an am céanna, measaim gur chóir don Rialtas breathnú ar airgead a chur ar fáil don bóthar seo, a fhreastalaíonn an aerphort idirnáisúnta — an t-aon aerphort sa chontae. B'fhéidir nach bhfuil freagra ag an Aire inniu ach más féidir breathnú ar an iarratas seo, beidh mé buíoch. Nuair a bheidh an Aire i Dhún na nGall i gceann roinnt seachtaine nó roinnt míonna, b'fhéidir gur féidir leis cuairt a thabhairt ar an mbóthar seo chun é a fheiceáil. Ba mhaith an rud é go ndéanfaí plé ar airgead a chur ar fáil i mbliana chun dul chun cinn a dhéanamh leis an obair atá tosnaithe ar ceann de na bóithre réigiúnda is tábhachtaí sa chontae. Tá ceist sábháilteachta i gceist, os rud é go mbíonn an oiread sin carranna agus feithiclí ag taisteal ar an mbóthar gach lá. Caithfear an bóthar a uasghrádú freisin de bhrí na bhfeithiclí a bhíonn air gach lá.

Tá pleananna ag Aerphort Dhún na nGall chun an rúidbhealach a shíneadh. Tá sé mar sprioc ag an aerphort níos mó custaméirí a fháiltiú fríd na doirse gach bliain. Tá líon na gcustaméirí ag ardú bliain in aghaidh bliana. Tá seirbhísí ó Áth Cliath agus Glaschú na hAlban go dtí Aerphort Dhún na nGall. Tá na spriocanna éagsúla atá ag an aerphort fite fuaite le cheist an bhóthair. Tá súil agam gur féidir airgead Stáit a chur ar fáil, ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta más féidir, chun an bóthar seo a thabhairt suas go dtí caighdeán inghlactha sa lá atá inniu ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.