Seanad debates

Wednesday, 10 March 2010

1:00 pm

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)

Tá mé buíoch go bhfuil seans ag gach éinne páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo. Cuirim fáilte roimh an Aire. Guím ádh mór air sna seachtainí atá le teacht. Tá mé sásta páirt a ghlacadh sa díospóireacht tábhachtach seo. Is gnéithe mór d'oidhreacht agus saibhreas na tíre iad an teanga agus an cultúr atá againn sa tír seo. Is fiú í an Ghaeilge a úsáid. Tá saibhreas faoi leith i litríocht, béaloideas, ceol agus amhránaíocht na tíre. Tá dualgas ar an Teach ár dteanga agus ár gcultúr a fhorbairt. Ba chóir dúinn an Ghaeilge a labhairt sa Teach agus ar ócáidí poiblí. Tá na ranganna Gaeilge a bhíonn ar siúl san Oireachtas sár-mhaith. Tá deis ag gach Seanadóir agus Teachta páirt a ghlacadh iontu.

Tá straitéis an Rialtas don Ghaeilge foilsithe anois. Níl Fine Gael sásta béim a chur ar an nGaeilge éigeantach. Caithfimid béim a chur ar an dteanga labhartha agus grá don teanga a spreagadh. Tá sé soiléir gur theip ar na sean-pholasaithe os rud é nár tharla athbheochan forleathan go dtí seo. Tá sé an-tábhachtach tacaíocht a thabhairt do na coláistí samhaidh. Is sna coláistí sin a spreagtar grá don tír, don Ghaeilge agus don chultúr. Caithfimid na deontaisí do na mná tí agus na mic léinn a íoc ionas go mairfidh na coláistí a fheidhmíonn mar cliabhán na teanga.

Tá sé riachtanach freisin tacaíocht praiticiúil a thabhairt do na gaelscoileanna. Sa churaclam, tá gá le béim ar ceol, amhránaíocht, damhsa, an teanga labhartha agus an litríocht. Gabhaim comhghairdeas le lucht TG4. Mar a dúirt an Seanadóir Mooney, tá sár-jab déanta acu. Cabhraíonn TG4 go mór le gluaiseacht na teanga. Má tá Seanadóirí agus muintir na tíre i ndáiríre faoi athbheochan na teanga, tá dualgas orainn an teanga a labhairt sa bhaile, ag ócáidí sóisialta agus aon uair eile a fhaighimid an seans.

Ba mhaith liom focal pearsanta a rá. Is mian liom an fíor-iarracht éifeachtúil a dhéanann an Seanadóir Ó Murchú ar son ár gceol, ár amhránaíocht agus ár damhsa a mholadh. Tá mé an-dáiríre nuair a deirim go ndéanann sé an-jab ar son na Gaeilge. Tá an-mheas agam air mar dhuine agus ar a chuid oibre díograiseach ar son na teanga. Tá mé iontach sásta mo bhuíochas a ghabháil leis as ucht Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt go dtí baile an Chábháin i mbliana. Táimid ag ullmhú don ócáid sin. Cuirfear an-fáilte roimh lucht na tíre sa Chábháin i mí Lúnasa seo chugainn.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a rá cé gur fiú an díospóireacht seo, níl ann ach tús. Caithfimid leanúint ar aghaidh leis an obair seo agus gach iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt anseo agus taobh amuigh den Teach. As seo amach, ba chóir dúinn cuir leis an tús atá déanta againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.