Seanad debates

Wednesday, 10 March 2010

Irish Language: Statements

 

1:00 pm

Photo of Tony KilleenTony Killeen (Clare, Fianna Fail)

): Gabhaim míle buíochas leis an Seanadóirí go léir a labhair faoin nGaeilge. Ní gá dom cuir leis an méid a dúirt an Aire, an Teachta Ó Cuív, faoin straitéis.

Ní raibh mé anseo nuair a labhair an Seanadóir Buttimer, toisc go raibh vóta sa Dáil. Tréaslaím leis as a bheith sásta thabhairt faoin Ghaeilge a labhairt. Faoi mar is gnáth, tá an Ghaeilge i bhfad níos líofa aige ná mar a chreideann sé. Tá sé thar a bheith coitianta go mbíonn an Ghaeilge i bhfad níos fearr ag daoine ná mar a cheapann siad.

Aontaím go láidir leis an Seanadóir Ó Murchú a dúirt go raibh sé dóchasach go raibh daoine óga sásta an Ghaeilge a labhairt. Is dócha go bhfuil siad bródúil faoin teanga. Luaigh sé toradh an daonáireamh is déanaí, go bhfuil cumas na Gaeilge ag an méid sin daoine. Go minic, cuireann sé ionadh orainn nuair a chloisimid na staitisticí. Rinne an Seanadóir Mooney tagairt don daonáireamh sa Tuaisceart. Dúirt sé go bhfuil an Ghaeilge ag breis is 10% de phobal an Tuaiscirt. Ní chreidfimis é sin muna mbeadh sé curtha os ár gcomhair.

Bhí an-suim agam sa mhéid a bhí le rá ag an Seanadóir Mullen. Aontaím go láidir lena chuid focal faoin Aire, an Teachta Ó Cuív. Dúirt an Seanadóir Ó Murchú an rud ceanainn céanna. Ceapaim go n-aontaímid go léir le sin.

Dúirt chuid mhaith Seanadóirí go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil daoine sásta tabhairt faoin Ghaeilge a labhairt. Ba cheart dúinn tacaíocht a thabhairt dóibh agus iad a spreagadh chun é sin a dhéanamh. Caithfidh mé a admháil nach raibh a fhios agam cheana go bhfuil www.focal.ie ar fáil. Dá mbeadh an t-eolas sin agam cheana féin, ba mhór an bhuntáiste dom a bheadh ann. Is dócha gur mhór an buntáiste é do dhuine ar bith a bhíonn ag iarraidh focail a aistriú ón mBéarla go dtí an Ghaeilge. Tá sé thar a bheith deacair cáipéisí a aistriú. Má éiríonn le duine na smaointe atá acu a léiriú go díreach sa Ghaeilge, nil sé ró-dheacair. Cuireann na deacrachtaí seo isteach orainn go léir nuair atáimid ag déanamh aistriúcháin. Aontaím leis an méid a dúirt an Seanadóir Mullen faoi bogearraí ríomhaireachta. Bheadh sé go hiontach dá mbeadh a leithéad ar fáil níos mó ná mar atá.

Luaigh mé cheana an méid a dúirt an Seanadóir Mooney faoin breis is 10% de phobal an Tuaiseceart a bhfuil cumas na Gaeilge acu. Dúirt an tSeanadóir Alex de Faoite gurb é an rud is tábhachtaí ná iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid. Luaigh sé go bhfuil athbheocan na Gaeilge á phlé le fada. Níor úsáid sé na focail "leis na cianta", ach sin a thuig mé uaidh. Tá an ceart aige. Chuir sé ceist faoi an bhfuil deis á fháil ag daoine lasmuigh den Ghaeltacht tabhairt faoin Gaeilge sa chaoi gur mhaith leo sin a dhéanamh. Ceapaim nach mbíonn an deis sin acu uaireanta.

Luaigh an Seanadóir Ó Raghallaigh an saibhreas iontach atá ag baint leis an nGaeilge: an ceol, an traidisiún agus gach rud a bhfuil baint ag an nGaeilge leis. Ní aontaíonn sé leis an Seanadóir Mullen go mba chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach sna scoileanna. Is ceist an-thábhachtach í seo. Dá mba rud é go bhféadfaí daoine a spreagadh agus an tacaíocht ceart a thabhairt dóibh an Ghaeilge a labhairt, bheadh an scéal i bhfad níos fearr. I láthair na huaire, níl sin á dhéanamh nó ní léir go bhféadfaí sin a dhéanamh, ach is ceist thábhachtach í agus is maith an rud é go bhfuil sí á phlé. Uaireanta bíonn deis agam labhairt trí Ghaeilge nuair a bhím ag cruinnithe de Chomhairle na nAirí sa Bhruiséal. Is iontach an rud é cé chomh bródúil agus a mhothaíonn duine as an Ghaeilge nuair a bhíonn siad thar lear. Ní bhíonn ar duine í a labhairt, ach nuair a bhíonn deis ag an duine í a labhairt agus é ag suí ag bord le Airí ó 27 tír, tapaítear an deis. Gach uair a dhéanaim sin, feicim Airí ag fágáil an tseomra chun an aistriúcháin a fháil. Is maith leo freisin éisteacht le blas na teanga agus is maith leo iarracht a dhéanamh í a thuiscint.

Cuireann daoine ionadh orthu féin freisin nuair a bhíonn siad thar lear ar ghnó nó ar saoire cé chomh minic agus a bhaineann siad úsáid as an nGaeilge. Uaireanta bíonn siad ag caint eatarthu féin agus ag iarraidh a dhéanamh cinnte de nach dtuigfidh daoine a bhfuil Béarla acu iad. An rud is mó a thugann siad faoi deara sa chás sin ná go dtuigeann siad beagnach gach rud a bhíonn le rá eatarthu féin. Uaireanta bíonn sé níos deacra dóibh an méid atá ina n-intinní féin a rá, ach éiríonn leo agus dá mbeifeá ag éisteacht leo, thuigfeá cad go díreach a bhí ina n-intinní acu. Is mór an trua é go bhfuil an cumas sin ann agus nach bhfuilimid ábalta an spreagadh beag a bheadh riachtanach a thabhairt chun teacht ón stádas sin go dtí stádas ina mbeadh daoine sásta labhairt trí Ghaeilge i bhfad níos minicí ná mar a labhrann siad.

Labhraim Gaeilge sa Teach agus timpeall an Tí go minic, go háirithe leis an Aire, an Teachta Ó Cuív, an Seanadóir Ó Murchú agus ar uile. Le daoine áirithe, is annamh a labhraim leo trí Bhéarla. Ar shlí amháin, is í sin an t-aon deis a bhíonn agam mo thaithí ar an nGaeilge a choimeád beo. Ceann de na deacrachtaí a bhaineann le teanga ar bith ná go gcailltear í muna n-úsáidtear í. Cuireann sin isteach go mór orm.

Tá go leor rudaí eile gur mhaith liom a rá, ach feicim go bhfuilimid imithe thar am. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na Seanadóirí go léir a labhair as Gaeilge agus trí Ghaeilge. Is iontach an rud é don Aire agus do ghach éinne a bhfuil suim acu sa Ghaeilge a fheiscint go bhfuil daoine sásta tacaíocht a thabhairt don teanga agus go bhfuil siad ag smaoineamh ar na polasaithe is fearr gur féidir a chur chun cinn chun go mbeidh deis ag gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge í a labhairt.

Sitting suspended at 1.10 p.m. and resumed at 2 p.m.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.