Seanad debates

Wednesday, 10 March 2010

12:00 pm

Photo of Alex WhiteAlex White (Labour)

Ar dtús, aontaím leis an méíd a bhí le rá ag Seanadóir Mooney. Caithfimid go léir níos mó iarracht a dhéanamh chun an Ghaeilge a úsáid sa Seanad agus lasmuigh den Oireachtas. Déanann an Seanadóir Walsh, atá sa Chathaoir faoi láthair, an-iarracht a Ghaeilge líofa a úsáid. Ba chóir dúinn go léir níos mó obair den chineál sin a dhéanamh. Cuirim fáilte roimh an fógra a dhein an tAire, an Teachta Ó Cuív, le linn an méid a bhí le rá aige, maidir leis an athbhreathnú atá le déanamh ar an chaighdeán oifigiúil. Tá súil agam go n-éireóidh leis na hoifigigh an obair sin a dhéanamh. Ní saineolaí mé ar an chaighdeán ar chor ar bith. Ar nós na Seanadóirí eile, chuaigh mé ar scoil sna 1960í agus na 1970í. Tá suim mór agam san obair atá á dhéanamh sa phróiseas seo. Tá súil agam go n-éireoidh leis.

Léigh mé an straitéis 20 bliain a luaigh an Seanadóir Mooney agus cainteoirí eile. Measaim go bhfuil go leor nithe suimiúla sa straitéis. Tá athbheochan na Gaeilge á phlé againn le blianta anuas. Luaigh an Aire na rudaí atá á dhéanamh ag an Rialtas nó atá déanta le blianta anuas. Caithfimid níos mó idéalachas a bheith againn ó thaobh athbheochan na Gaeilge de. Labhair an Aire mar gheall ar an obair agus an fhorbairt atá á dhéanamh sa Ghaeltacht.

Tá suim sa Ghaeilge ag a lán daoine nach bhfuil ina gcónaí sa Ghaeltacht. Tá sé an-tábhachtach go mbíonn daoine i mBaile Átha Cliath agus cathracha agus bailte eile ar fud na tíre ag foghlaim agus ag cleachtadh na teanga. Tá an basic work atá á dhéanamh ag na gaelscoileanna an-tábhachtach i gcomhthéacs an oideachais. Tá deis againn na gaelscoileanna agus na gaelcholáistí a fhorbairt. Ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt don bhfeachtas atá ar siúl i ndeisceart Átha Cliath chun gaelcholáiste nua a bhunú. Tá súil agam go dtabharfaidh an Aire roinnt cabhair don bhfeachtas. B'fhéidir gur chóir do na scoileanna sin bheith mar lárionaid Ghaeilge don chomhphobal go léir, ní hamháin do na páistí ach do na tuismitheoirí agus an phobal go ginearálta freisin.

Mar a dúirt mé, caithfimid níos mó idéalachas a bheith againn sa gcomhthéacs seo. Tá a lán obair le déanamh againn. Ceapaim go bhfuil an dréacht-straitéis an-tábhachtach. Caithfimid tacaíocht a thabhairt don obair atá á dhéanamh. Tá i bhfad níos mó le déanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.