Seanad debates

Wednesday, 21 February 2007

 

Tionscadail Tógála Scoile.

6:00 pm

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ó Riain as ucht an cheist seo a ardú. Aithníonn an Seanadóir an tábhacht a bhaineann leis an gceantar seo de bhrí go bhfuil an daonra ag méadú go han-tapaidh ar fad. Mar a luaigh an Seanadóir, tá Gaelscoil Chloch na Coillte bunaithe le roinnt mhaith blianta agus níl suíomh buan aici go fóill. Mar is eol, tá sár iarracht á dhéanamh againn chun foirgintí scoile go léir a fheabhsú. Tá infheistíocht de €540 milliún á dhéanamh i mbliana agus déanfar infheistíocht de €4.5 billiún de réir an phlean forbartha náisiúnta. Beimid in ann an-infheistíocht a dhéanamh chun na scoileanna a fheabhsú agus chun cinn nua a fhorbairt.

Ina measc san tá scoil chomhoideachais, Gaelscoil Chloch na Coillte. Is cosúil, de réir na bhfigiúirí, gur fhás rollachán na scoile seo faoi thart ar 20% sna cúig bliana a d'imigh tharainn. Tá socraithe déanta ag rannóg fhoirgníochta scoileanna na Roinne gurb é an leibhéal cuí cóiríochta le soláthar na cion príomhoide agus dáréag múinteoirí gnáthranganna, chomh maith leis an gcóiríocht choimhdeach chuí. Cúis áthais dom a chur in iúil don Seanad go bhfuil láthair oiriúnach faighte anois, mar sin an rud is mó a chuireann moill ar fhoirgneamh. Tá láthair faighte anois chun gur féidir scoil 12 rangsheomra a thógáil a dhéanfaidh freastal ar riachtanais na scoile san fhadtréimhse. Ós rud é go bhfuil an láthair faighte, tá géar-aire á tabhairt do chur chun cinn an tionscadail seo sa Roinn, i gcomhthéacs an chláir um thógáil agus nuachóiriú scoileanna ó 2007 ar aghaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.