Seanad debates

Wednesday, 21 February 2007

 

Tionscadail Tógála Scoile.

6:00 pm

Photo of Brendan RyanBrendan Ryan (Labour)

Cuirim fáilte roimh an Aire. Tá brón orm gur chomh déanach san oíche is atá sé ach ní orainne atá an milleán sin.

Táimid ag iarraidh a fháil amach cad ina thaobh go bhfuil moill ann faoin dul chun cinn atá ceadaithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta do Ghaelscoil Chloch na Coillte, a bunaíodh i 1994 agus a fuair aitheantas buan i 1997. Is scoil lán-ghaelach í, faoi phátrúnacht Fhoras Pátrúnachta na scoileanna lán-Ghaeilge. Bhíos féin i mo bhall de bhord an Fhorais Pátrúnachta i lár na nóchaidí.

Scoil réasúnta mór is ea í. Tá 230 daltaí sa scoil agus 25 fostaithe go lán-aimseartha inti, ach is trua go bhfuil sí lonnaithe i gcónaí i seomraí réamh-dhéanta. Níos measa ná san, tá costas €330,000 á íoc astu siúd gach bliain agus dualgas ar thuismitheoirí na ndaltaí 5% dá seo a bhailiú. Cheannaigh an Roinn suíomh agus tá sin ina seilbh aici. Fuair an scoil litir ón Roinn, dár dáta 12 Meán Fhómhair 2006, ag cur in iúil go bhfuil an tionscnamh réidh le dul go dtí an chéad chéim eile — pleanáil agus dearadh. Ach níl faic tarlaithe le ceithre mhí.

Tá an-bhuaireamh ar thuismitheoirí agus ar fhoireann na scoile faoin moill seo. Tá ceisteanna eile curtha acu ormsa. Tá ceisteanna faoi shábhaltacht agus slándáil na ndaoine ins na foirgintí réamh-dhéanta atá ag dul in aois agus tá ceist faoi airgead atá á chaitheamh ag an mbord bainistíochta chun an áit a choimeád tirim ón mbáisteach. Caitheadh €68,000 anuraidh amháin chun an áit a choimeád tirim.

Tá sé de dhualgas ar an Aire agus ar an Roinn cinneadh a dhéanamh, an rud seo a shoiléiriú agus a chinntiú go bhfuiltear chun leanúint leis an bhforbairt agus na hacmhainní a chur ar fáil chun an scoil nua atá tuillte agus atá ag teastáil a thosnú go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.