Seanad debates

Wednesday, 21 January 2004

Recognition of the Irish Language: Motion.

 

5:00 pm

Photo of Brendan RyanBrendan Ryan (Labour)

Caithfear a bheith cúramach nuair a moltar rún i gceachtar Teach den Oireachtas go bhfuil ainmneacha ceannairí na ngrúpaí go léir curtha leis. Ar an ocáid seo, glacaim go bhfuil muid go léir i ndáiríre agus nach bhfuil gníomhaíocht ciniciúil i gceist mar gheall ar na hainmneacha atá leis an rún. Aithním ón chleachtadh atá agam leo agus ón mhéid oibre agus an méid atá ráite acu go bhfuilimid go léir dáiríre. D'fhéadfadh an tAire seasamh suas agus focal amháin a rá linn, agus d'fhéadfaimis go léir dul abhaile. Níl le déanamh ach iarraidh ar an Aontas Eorpach, agus chaithfí glacadh leis an Ghaelainn mar theanga oifigiúil. Níl mé sásta éisteacht le hargóintí faoi seo. Tá sé soiléir go bhfuil sé de cheart ag tír ar bith go n-aithnítear teanga a úsáidtear go forleathan sa tír mar theanga oifigiúil. Tá gearán, mar shampla, ag muintir Catalonia, nach bhuil an Chatalóinis aitheanta, ach is ceist pholaitiúil é seo faoin dtír sin — faoi dearcadh lár na tíre nó an dearcadh lárnach agus an dearcadh a ghlacann le hiolrachas sa tír. Tá an díospóireacht agus mar sin de ar siúl fós sa Spáinn. Níl sé réitithe ina iomlán fós. Ós rud é nach bhfuil sé réitithe, is cosúil nach bhfuil pé rialtas atá i gceannas sa Spáinn ag glacadh leis go n-aithneofaí an teanga, atá ar an seachtú teanga is mó atá in úsáid san Aontas Eorpach. Sin figiúr a fuaras amach tráthnóna, ach níl mé anseo chun caint faoi ach amháin le rá go bhfuil sé de dhualgas nó de cheart ag rialtas tíre an cinneadh seo a dhéanamh agus a rá go dteastaíonn sé uainn. Nuair a bhíomar mar bhaill nua ag dul isteach den gcéad uair, cosúil le gach éinne ag dul isteach in eagraíocht nua, bhí cuid mhaith bainte amach againn ó thaobh talmhaíochta agus rudaí eile de, agus feictear dom nach rabhamar sásta an chuma a bheith orainn go rabhamar ag lorg a thuilleadh agus a thuilleadh aríst.

Tá an saol athraithe anois, áfach, agus athrófar i bhfad níos mó é nuair a thagann deich dtír eile isteach. Tá a fhios agam go bhfuil sé ráite cheana féin go mbeidh teangacha anois mar theangacha oifigiúla san Aontas Eorpach nach labhartar níos forleithne ná an Ghaelainn — go bhfuil an Ghaelainn ar aon chéim nó leibhéal leo maidir le cé chomh forleathan is a labhartar iad. Beidh an oiread céanna daoine sa tír a bhfuil cumas labhartha acu agus an stádas céanna mar theanga taobh istigh den tír. Cosnaíonn sé beagán, mar shampla, go bhfuil córas aistriúchán comhuaineach sa Tigh seo, ach glacann gach éinne leis go bhfuil sé de cheart agus de dhualgas againn go mbeadh a leithéid ar fáil. Is cuimhin liom, sular cuireadh tús le TG4, nó TnaG mar a bhíodh mar ainm air, go mbíodh daoine ó am go ham ag iarraidh ceist pholaitiúil a dhéanamh as. Chuir siad an cheist arbh fhiú an t-airgead sin a chaitheamh. Bhí baill de dhá Theach an Oireachtais d'aon ghuth, tríd an speictream iomlán, go raibh sé ceart go mbeadh córas teilifíse againn ina mbeadh an Ghaelainn á húsáid mar phríomhtheanga. D'éirigh sé sin, mar bhí an t-éileamh ann. Bhí an lucht féachana ann, agus bhí an cumas ag daoine cláracha fiúntacha a dhéanamh arbh fhéidir le gnáthdhaoine taitneamh a bhaint astu.

Glacaimid go léir anois go bhfuil ceithre chainéal teilifíse sa tír seo agus go bhfuil rogha níos forleithne againn mar gheall air sin. Caithfear bheith cinnte cad is brí le teangacha oifigiúla. Bhíos ag féachaint ar an Idirlíon, mar a dhéanaimid go léir agus muid ag lorg eolais faoi rud ar bith. Chonacas suíomh amháin, agus an sainmhíniú a bhí ar "official language" ná "a language which citizens must use when addressing the institutions of the European Union". Is é atá á rá faoi láthair ná go gcaithfimidne ceann de na teangacha seo a leanas a labhairt — Fraincís, Spáinnis, Portaingéilis, Béarla, Gearmáinis agus mar sin de. Caithfimid ceann díobh siúd a úsáid, ach níl cead againn labhairt le hinstitiúid an Aontas Eorpaigh trí Ghaelainn. Pé argóintí a bhí ann faoi acmhainní nó faoi chostais, is seanargóintí iad, mar tá an córas ag athrú, agus tá teangacha le cur isteach sa chóras aistriúcháin agus dleathúil san Aontas Eorpach atá níos laige ná an Ghaelainn. Bímid ró-éadóchasach i gcónaí faoin Ghaelainn sa tír seo, agus is féidir féachaint ar rudaí nach bhfuil chomh maith is a bhídís. Ar an dtaobh eile, is féachaint ar rudaí a thaispeánann go bhfuil an teanga láidir fós agus go bhfuil sé soiléir gurbh é toil an phobail sa tír seo go mbeadh an teanga láidir go buan. Níl mé cinnte conas mar a bheadh sí, ach beidh an Ghaelainn beo sa tír seo 100 bliain ón lá inniu. Tá toil an phobail soiléir anois, pé slí ina déantear é, go mbeidh an teanga á úsáid fós. Ní fheadar an mbeidh Gaeltachtaí ann nó nach mbeidh, ach beidh pobail ann a labhraíonn Gaelainn eatarthu féin. Sin mar a bheidh sé, agus sin toil an phobail. D'éirigh le pobal na tíre seo é sin a dhéanamh, mar bhí an Ghaelainn ag meá nuair a fuaireamar ár saoirse. D'ainneoin achan ruda — agus deineadh a lán botún — tá níos mó daoine anois ábalta Gaelainn a labhairt ná mar a bhí ábalta 50, 60 nó 70 bliain ó shin. Tá níos mó daoine ann atá sásta Gaelainn a labhairt ná mar a bhí ábalta 50, 60 nó 70 bliain ó shin. Is éard atá á lorg againn anois ná go n-aithneofaí an mionlach sin — mionlach sa tír seo agus mionlach beag san Eoraip — a bhfuil sé de cheart aige an teanga sin a úsáid os comhair agus i measc institiúidí na hEorpa. Mar sin, molaim an rún, agus iarraim ar an Rialtas deireadh a chur leis an argóint seo trí rá le hinstitiúidí na hEorpa go mba cheart an reachtaíocht a athrú faoi theangacha oifigiúla chun teanga oifigiúil na tíre seo a thabhairt isteach mar theanga oifigiúil san Eoraip.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.