Seanad debates

Wednesday, 21 January 2004

Recognition of the Irish Language: Motion.

 

5:00 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Fianna Fail)

Tá áthas orm seans a bheith agam labhairt ar an rún seo. Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom comhghairdeas a rá leis an Seanadóir Labhrás Ó Murchú as an méid oibre atá déanta aige agus na hargóintí atá curtha aige le blianta ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. Is dócha go bhfuil muid go léir aontaithe sa Teach seo mar gheall ar an rún seo. Bhí mé féin an-sásta go raibh an Feisire Eorpeach, Seán Ó Neachtáin sa Teach seo cúpla mí ó shin roimh an Nollaig ag caint ar an cheist seo. Is duine ón Ghaeltacht é agus is í an Ghaeilge a theanga dúchais. Dúirt sé ag an chruinniú anseo gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus gur ghá don Rialtas iarraidh ar an Aontas Eorpach é sin a dhéanamh. Tá súil agam go mbeimid in ann é sin a dhéanamh agus go mbeidh an Rialtas i bhfabhar an rúin. Tá an tAontas bunaithe ar éagsúlacht chultúrtha, agus beidh an éagsúlacht sin le feiceáil tar éis shéadú an Aontais i mí na Bealtaine seo chugainn. Beidh ar a laghad 20 teanga oifigiúil san Aontas ag an am sin. Is ceart go mbeidh an Ghaeilge ina measc fosta. Chuir an Seanadóir O'Toole ceist tábhachtach faoi na hargóintí a bhí ann 30 bliain ó shin nuair a chuaigh muid isteach san Aontas. B'fhéidir go ndearnadh dearmad faoin Ghaeilge ag an am céanna le cúrsaí iascaireachta, fadhb ar a bhfuil muid ag caint le 30 bliain anuas.

Tá sé praicticiúil agus réadúil go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas agus tá súil agam go mbeimid in ann sin a bhaint amach. Bhí Seanadóir ó Murchú ag caint ar na postanna a bheidh ar fáil sna hinstitiúidí leis na haistritheoirí breise ach is é an cultúr an argóint is fearr ina thaobh seo.

In addition to mentioning Seán Ó Neachtáin MEP, I should also mention another man from An Spidéal, Councillor Pól Ó Foighíl, who was elected to Galway County Council some years ago. He is still a councillor and will contest the local elections this year. When he was first elected to the council, on which I served with him for some years, he wanted to speak in Irish at the meetings but discovered there was no translation service. Furthermore, many councillors objected to him speaking in Irish because they said they did not understand it.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.