Seanad debates

Wednesday, 21 January 2004

Recognition of the Irish Language: Motion.

 

5:00 pm

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

Tá áthas orm go bhfuil an seans agam bheith páirteach sa díospóireacht seo. Chuir mé ceist sa Teach seo cúpla mí ó shin conas a tharla nó cé a thóg an cinneadh gan iarratas a chur isteach 30 bliain ó shin agus brú a chur ar an Aontas le teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaelainn. Ní dhearnadh é an uair sin agus ní thuigim conas a tharla sin ach ní bhfuair mé aon fhreagra. B'fhéidir go raibh daoine ag féachaint ar an ábhar go praiciticiúil agus tháinig siad ar chinneadh go mbeadh sé thar a bheith deacair an rud seo a chur ar fáil agus nach raibh aon bhrú ar an dtreo eile.

I ndáiríre things rested so go dtí an tráth seo. Ag féacháint anois air, áfach, is deacair d'éinne seasamh ar leataobh ag féacháint ar a tharlóidh ar 1 Bealtaine, nuair a bheimid ag cur teanga s'againne ag bun na scuaine agus teangacha eile na dtíortha nua a chur chun cinn. Ní féidir cur suas le sin in aon tslí. Ní féidir d'aon duine bheith sásta leis sin agus sin an spreagadh atá ann ag an bpointe seo. Ag féachaint air go praicticiúil, níl a lán sa mhéid seo don nGaelainne í féin, cé go mbeadh sé go han-mhaith ag an cúpla céad duine a bheidh jobs for life acu, something I support not just for airport workers but for muintir na Gaeltachta agus lucht na Gaelainne, ach ní féidir linn cur i gcoinne na hargóinte gur cóir le teanga na tíre a bheith ar chomhchéim le gach teanga eile san Eorap. Sin spiorad an rúin anocht. Caithfear sin a chur ar fáil dúinn.

Ag plé an ruda, áfach agus ag féacháint ar chúrsaí bainistíochta na hEorpa, beidh sé dodhéanta an jab atá ar siúl acu le 50 teanga éagsúla san Eorap ach that is not our problem today. Tá sé soiléir domsa agus do gach duine eile nach bhfuil an dara rogha againn ach a chur leis an iarratas atá leagtha amach sa rún anocht. Caithfimid tacaíocht a thabhairt dó, bheith díograsach le brú a chur ar an Rialtas leis an iarratas a chur isteach agus caithfidh go n-éireoidh linn. Beidh meán-bhothar ar an rud seo. Ní féidir linn protocol a bhrú ar an Eorap go mbeidh an méid sin teangacha ar fáil i gcónaí ach sin a problem for Europe. Tá sé soiléir dúinn gur seo an t-iarratas a chaithfimid a chur isteach. Má tharlóidh sé de thoradh sin agus de thoradh teacht isteach tíortha nua eile go bhfuil sé dodhéanta gnáthobair riaracháin a dhéanamh in Aontas na hEorpa, níl aon fhadhb ann nach féidir a réitiú agus beidh réiteach san Eorap.

Níl sé ann anois, áfach. Tá sé dubh agus bán faoi láthair, we are either in or out, an t-aon rogha eile atá againn ná seasamh ar leataobh agus féachaint ar teangacha na dtíortha eile ag dul chun cinn agus an Ghaeilge ag bun na scuaine. Ní ghlacfaidh mé le sin. Má tá fadhb mhór ann mar gheall ar an iarratas seo, so be it. Ó thaobh muintir na Gaeltachtaí, lucht na Gaelainne agus iad siúd go bhfuil grá acu don teanga, caithfimid freagra a thabhairt dóibh go bhfuil muid ag seasamh leo ar an bpointe seo. Caithfimid a chur leis an méid atá anseo agus brú a chur ar an Rialtas agus ar an Aontas Eorpach go mbeidh an stádas céanna ag an nGaelainn agus atá ag gach teanga oifigiúil eile san AE.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.