Seanad debates

Wednesday, 21 January 2004

Recognition of the Irish Language: Motion.

 

5:00 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Cuidím leis an rún. Tá áthas chroí orm go bhfuil a leithéid de rún os ár gcomhair, go mórmhór toisc gur rún comh-phairtí atá ann. Tá gach seans go bhfuil sé stairiúil, fiú. B'fhéidir go mbeadh an Ceannaire in ann é sin a dheimhniú dom.

Nuair a ardaíos an cheist seo sa Seanad cúpla mí ó shin dúirt mé go bhféadfaimís é seo a dhéanamh gan deighilt, gan scoilt nó gan pholaitíocht phairtí a bheith ag baint leis. Le blianta fada anuas tá an argóint chéana amuigh, gur leis an tír an Ghaeilge agus nach le haon phairtí í. D'ardaíos an cheist mar go raibh feachtas ar siúl ag Conradh na Gaeilge, ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ag na heagrais Ghaeilge eile. Táimid go mór faoi chomaoin acu toisc an taighde a dhein siad ag an am. Chuir cuid de na fíricí a tháinig chun tosaigh ionadh ar an-chuid daoine go raibh an scéal amhlaidh. Gan an t-ábhar sin a bheith ar fáil dúinn bheadh an-mhíthuiscint ann ar cad a bhí i gceist maidir le stádas oifigiúil na Gaeilge mar theanga oibre san Aontas Eorpach. Táimid go mór faoi chomaoin ag na heagrais sin go bhfuil an taighde sin déanta.

Rud eile atá tar éis teacht chun tosaigh ó thosaigh an díospóireacht seo i measc an phobail is ea an dea-thoil atá ann don Ghaeilge, agus go mórmhór don fheachtas seo. Níl mé ró-chinnte go raibh an scéal amhlaidh ins na 1960í nó na 1970í ach tá an-athrú anois ar mheoin an phobail maidir leis an nGaeilge. Dá ndéanfaí suirbhé air, déarfainn go mbeadh tromlach de mhuintir na hÉireann taobh thiar den iarracht seo.

Más rud é go bhfuil tromlach de mhuintir na hÉireann taobh thiar de, caithfidh an Rialtas an treoir a thabhairt. Sin atá i gceist ins an rún seo. Iarrann an rún ar an Rialtas Uachtaránacht Aontas na hÉorpa a úsáid. Muna ndéantar é seo anois tá gach seans nach ndéanfar ariamh é. Bheadh sé truamhéilleach do gach glúin a thiocfaidh inár ndiaidh dá mbeadh sé le tuiscint acu go raibh an seans ann an stádas seo a bhaint amach ach nár baineadh tairbhe as an dea-thoil agus an tacaíocht a bhí i measc an phobail chun é a dhéanamh.

Tá sé soiléir go bhfuil na meáin cumarsáide tar éis teacht taobh thiar den iarracht seo chomh maith, rud a chuireann ionadh ar dhaoine. Bhí eagarfhocal i The Irish Times a bhí an-láidir i bhfábhar stádas oifigiúil mar theanga oibre a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas. Lasmuigh de litir nó dhó, agus níl mórán díobh ann, níl aon fheachtas i gcoinne na hiarrachta seo. An chúis atá leis sin ná go bhfuil maitiúrachas ag baint leis an Stát anois agus go dtuigimid anois, cé go bhfuil meas idirnáisiúnta orainn mar náisiún, go laghdaítear an meas sin toisc nach bhfuil teanga oifigiúil na tíre, faoi mar atá leagtha síos san mBunreacht, á úsáid againn. Cuireann sin ceisteanna i measc na daoine eile cad é ina thaobh go bhfuil an scéal amhlaidh. Sin an argóint is láidre atá againn, go bhfuil an Ghaeilge mar an chéad theanga oifigiúil sa tír.

Tá rud níos tábhachtaí ag teacht le seo. Bhí díospóireacht againn sa Seanad le déanaí ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla. Ritheadh an Bille d'aon ghúth agus cruthaíonn sin go raibh gach éinne anseo agus sa Dáil i bhfabhar aitheantas ceart a thabhairt don Ghaeilge. Tá sár-obair déanta ag na heagraíochtaí Gaeilge leis na blianta ach is trua go raibh orthu troid i gcónaí ar son cearta a ba chóir a bheith ann ar aon nós. Níl tír eile ann a rinne íobairt chomh mór ar son féiniúlachta náisiúnta, saoirse agus aitheantas cúlturtha a bhaint amach agus a rinne tír seo. Bhaineamar neamhspleáchas amach sa chuid seo den tír agus níl aon chomhartha neamhspleáchais níos fearr ná teanga. Nach gceapfadh duine, ansin, go dtiocfadh gach cabhar agus aitheantas a thabhairt don teanga sin nuair a bhí ár Rialtas féin againn? Má fhéachann duine ar chúige Uladh i láthair na huaire, tá sé soiléir go bhfuil borradh mór i dtaobh na Gaeilge. Tá siad ansin ag faire orainn le cinntiú go mbeidh treoir ag teacht uainne.

Molaim an seasamh a ghlacann an Seanadóir McHugh ar son na Gaeilge. Cé go n-admhaíonn sé nach bhfuil ach beagán Gaeilge aige, seasann sé agus déanann sé argóintí ar son na Gaeilge i gcónaí. Is maith sin mar níl Gaeilge ar a dtoil ag gach duine sa tír agus tá muid ag iarraidh an pobal ar fad a mhealladh linn. Caithfidh siad a bheith cinnte go bhfuilimid i ndáiríre, nach dtacaíocht béil amháin atá i gceist agus nach bhfuilimid i gcónaí ag rá go bhfuilimid i bhfabhar na Gaeilge gan rud ar bith a dhéanamh. Seo seans dúinn a thaispeáint ní amháin go bhfuil muid neamhspleách ach go bhfuil muid dáiríre faoin bhféiniúlacht náisiúnta sin.

Nuair a tháinig Seán Ó Neachtáin isteach le labhairt linn, cuireadh an cheist air faoi seo agus dúirt sé nach bhfuil le déanamh ach iarratas a chur isteach. Scríobh sé litir sa nuachtán a rá an rud céanna. Más rud é go bhfuil sin amhlaidh, ba bhreá liom a cheapadh go bhfuil muid ag éisteacht le croí an phobail agus tá a fhios againn cá bhfuil an croí sin. Ní gá ach féacháint ar Fhoram na hEorpa. Bhí gach duine i láthair ansin, gach páirtí sa Seanad agus na meáin cumarsáide i bhfabhar agus anois tá seans againne an treoir mhisniúil sin a thabhairt.

Tá mé cinnte nach mbeidh diúltú ann agus go mbeidh staidéar breise déanta air seo. Tá an feachtas seo ag dul i bhfeidhm ar gach éinne agus beidh sé thar a bheith deacair é a shéanadh. Tá seans againn bheith aontaithe ar son na Gaeilge, ní amháin sa tír ach go hidirnáisiúnta freisin. Beidh meas i bhfad níos mó orainn dá mbeadh an scéal amhlaidh.

Ní bhainfidh mé leis na ceisteanna faoi fhostaíocht agus a dhath mar tá sin déanta ach seo seans le haitheantas oifigiúil a bhaint amach don teanga agus má gcabhraíonn an díospóireacht seo leis an bhfeachtas sin, beidh sár-obair agus éacht déanta againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.