Seanad debates

Wednesday, 3 December 2003

Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.

 

Níl an choimhlint sin réitithe go fóill agus ní réiteofar é riamh. Beimid in ann rudaí beaga ó thaobh caiteachais poiblí a dhéanamh, cosúil leis na hoileáin, ach go ginerálta a mhalairt ar fad a bheidh ann mar gheall ar fhealsúnacht an Rialtais seo agus na Ranna Airgeadais. Sin an fáth go bhfuil an oiread sin míbhuntáistí againn i bhforbairt eacnamaíochta sa todhchaí, níl muid sásta infrastructúr a chur in áit sula thagann éileamh ón mhargadh. Sin difríocht fealsúnachta idir mé féin agus an Rialtas, ní fhéadar faoin Aire, mar sé mo thuairim go bhfuil sé ar an eite chlé den Rialtas, b'fhéidir ina aonar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.