Seanad debates
Wednesday, 3 December 2003
Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.
Agus sin ráite agus fáilte curtha agam roimh an Bhille, tá cúpla gearán agam. Is trua é nár éisigh an tAire scríbhinn i mBéarla. Tá a lán focail teicniúla sa Bhille agus luafaidh mé iad a chabhrú leis an Aire sa todhchaí. Gan aon mholadh a thabhairt dom féin, mar duine ón nGalltacht, tá Gaelainn reasúnta maith agam ach tá focail sa scríbhinn nár chuala mé riamh. Sampla amháin de ná "fostaíocht inmharthanach", sin "sustainable employment" ach má thugaim an scríbhinn seo do dhuine i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, ní bheadh sé in ann an téarma sin a aistriú. Is iomaí oíche a chaith mé ag airneáil le daoine ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus ní chuala mé "fostaíocht inmharthanach" riamh. Dá mba rud é go mbeimís ag plé an ábhair sin, déarfadh an duine "sustainable employment".
No comments