Seanad debates
Wednesday, 3 December 2003
Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.
Is éard atá ar siúl ag an Aire, agus is é bunchloch an Bhille seo, ná cur i gcoinne sin, agus infreastruchtúr a chur ar fáil ag dul i gcoinne chumhacht an mhargaidh. Ní ghlacann sé leis go gcaithfimis géilleadh don margadh i gcónaí. Beidh mé réasúnta cúramach faoi seo. Ní hionann iad an fhealsúnacht seo agus fealsúnacht na Ranna Airgeadais. Tá sé soiléir ó gach cinneadh mór faoi infreastruchtúr sa tír seo gurbh é an bhunfhealsúnacht atá ag an Roinn Airgeadais ná go leanann infreastruchtúr an margadh. Nuair a bhíonn an pobal méadaithe, cuireann sé isteach go déanach é. Sin an fáth go bhfuil gach rud sa chathair seo déanach. Níor dheineadar pleanáil nó na rudaí a bhí ag teastáil roimh ré, agus anois, tá géarchéim infreastruchtúir sa tír seo. Is é an idé-eolaíocht atá ag an Roinn Airgeadais is bun leis. Glacaim leis go bhfuil an-chomhaontú idir é sin agus idé-eolaíocht an Aire Airgeadais, ach ní hé an tAire is cúis leis sin ach an Roinn. Ní ghlacann an Roinn Airgeadais leis gur cóir infrastructúr a fhorbairt sula n-éilíonn an margadh é agus an margadh a mhealladh ina dhiadh sin. Cuireann sí i gcoinne gach rud, an western rail corridor agus gach rud atá a lorg i mBaile Átha Cliath. Deir an Roinn nach bhfuil an t-éileamh ann, nach fiú a dhéanamh ó thaobh airgid de. Sa gcás seo, níl dóthan daoine ar na hoileáin le híoc as na seirbhísí ach sé atá i gceist ná foirdheontais a chur ar fáil le cinntiú go mbeidh daoine ábalta leanúint ag úsáid na seirbhísí seo. Is microcosm sin den bhfealsúnacht ar chóir a bheith i bpleananna forbartha na tíre go léir, infrastructúr a chur sna háiteanna go dteastaíonn uainn pobal a tharraingt dóibh. Má theastaíonn uainn daoine a tharraingt amach go dtí iarthar na tíre ba chóir go mbeadh an fealsúnacht céanna ann agus atá ag an Aire sa Bhille seo.
No comments