Seanad debates

Wednesday, 3 December 2003

Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.

 

10:30 am

Photo of Brendan RyanBrendan Ryan (Labour)

Cuirim fáilte roimh an Aire agus iar-Sheanadóir. B'fhéidir go bhfuil súil agam nach mbeidh sé ina Sheanadóir ariamh aríst, agus b'fhéidir nach bhfuil. Is ceist pholaitiúil é sin seachas ceist phearsanta. Cuirim fáilte roimh an Bhille. Ní bheadh éinne atá réasúnta ábalta cur ina choinne. Tá cumhachtaí á soiléiriú nó á dtabhairt don Aire don chéad uair ar chóir a bheith aige le tamall fada, agus oireann sé do riachtanais na n-oileán na cumhachtaí seo a bheith ag an Aire. Cosúil lena lán rudaí a thagann trí Thithe an Oireachtais, nuair a cuireadh an reachtaíocht os mo chomhair, chuir sé ionadh orm nach raibh na cumhachtaí sin ag an Aire is oiriúnaí roimhe seo, agus sin ceann de na heaspaí is mó a chítear sa chóras Stáit. Níl mé ag cur milleáin ar Rialtas ar bith, ach sa chóras Stáit go ginearálta, níl na bun-phrionsabail ann a gceapann a lán daoine a bheith ann ó thaobh chumhachtaí Rialtais de. B'fhéidir, ar shlite eile, go mbíonn an iomarca cumhachtaí ag Airí Rialtais in áiteacha nach gá dóibh a bheith ann in aon chor, ach sin ceist i bhfad níos leithne ná atá sa Bhille seo.

Cuirim fáilte roimh na cumhachtaí atá á bhfáil aige. Caithfear cúpla rud a rá. Tá na cumhachtaí seo tábhachtach, ach tá na hacmhainní atá riachtanach chun na cumhachtaí sin a chur i bhfeidhm chomh tábhachtach leis na cumhachtaí féin. Tá pleananna iontacha ann, mar shampla, faoin bplean náisiúnta forbartha do bhóithre agus taisteal poiblí agus a leithéid. Gan acmhainní, áfach, beidh siad ann, agus beidh daoine ag féachaint orthu agus ag léamh na bpleananna ildaite go brách, ach ní dhéanfar mórán. Bheadh sé go breá a bheith cinnte go mbeadh na hacmhainní ar fáil.

Glacaim leis – agus caithfidh mé é seo a rá – go bhfuil an-fheabhas tagtha ar chaighdeán na mbóithre in áiteacha sna Gaeltachtaí. Tá aithne agam go mórmhór ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, agus le deich mbliana anuas, tá an-fheabhas tagtha ar chaighdeán na mbóithre. Ní bhrisfidh éinne a charr a thuilleadh ag tiomáint timpeall Chorca Dhuibhne, agus is dul chun cinn é sin. Chím, agus chonaic mé, na fógraí i ngach áit, go mórmhór i nGaeilge Chonamara in ionad a bheith i nGaelainn Chorca Dhuibhne, ag tabhairt eolais dúinn faoi cé chomh fláthúil is a bhí Aire na Gaeltachta. Má tá sé ábalta na comharthaí a chur in airde, b'fhéidir go mbeadh sé ábalta aitheantas a thabhairt do Ghaelainn Chorca Dhuibhne agus a chuid fógraí a chur in airde sa chanúint sin. Sin rud beag, áfach.

Tá rud éigin bunúsach sa Bhille seo. Tá codarsnacht idir fealsúnacht an Bhille seo agus a bhfeicim féin mar fhealsúnacht an Rialtais. Is é seo an cheist: an leanann infreastruchtúr an margadh, nó an leanann an margadh an t-infreastruchtúr? Má chreidimid go leanann infreastruchtúr an margadh, ba chóir dúinn é a ligint don margadh, agus dá ligfimis don margadh é, ba bheag an pobal beo a bheadh fágtha ar na hoileáin. Tá an oiread sin daoine á dtarraingt isteach do na cathracha agus na bailte móra gur bheag an líon a bheadh fágtha ar na hoileáin. Tá sé sin doghlactha. Ní dóigh liom gur fiú argóint faoi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.