Seanad debates
Wednesday, 3 December 2003
Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.
Is cuid dhílis d'oidhreacht an Stáit iad ár n-oileáin mhara, agus cé go bhfuil go leor déanta le blianta beaga anuas, aithním an gá le feabhsúcháin bhreise ar rochtain, seirbhísí agus bonneagar le caighdeán maireachtála na n-oileánach a chothú agus a fheabhsú. Tá sé mar aidhm agam a chinntiú go leanfar ar aghaidh le hinfheistíocht fhiúntach i bhforbairt na n-oileán sna blianta amach romhainn, agus tá mé cinnte go mbeidh beannacht an Tí seo ann dá leithéid. Cad is fiú na hoileáin Arainn i gcúrsaí turasóireachta do chathair na Gaillimhe? Níl aon amhras ann ach gur fiú i bhfad níos mó ná caiteachas atá á dhéanamh ar na hoileáin.
No comments