Seanad debates

Wednesday, 3 December 2003

Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.

 

Beidh Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh ag Éirinn sa chéad sé mhí de 2004. Is cúis mhór sásaimh dom a chur in iúl go mbeidh trí chomhdháil thábhachtacha á n-eagrú ag mo Roinnse, mar chuid den Uachtarántacht seo, ag a mbeidh toscaireachtaí ó bhallstáit an Aontais mhéadaithe ann. Reachtálfar comhdháil amháin i mBaile Átha Cliath le plé a dhéanamh ar chúrsaí drúgaí. Reachtálfar an péire eile faoin tuath, ceann ar fhorbairt na tuaithe i gcontae Mhaigh Eo agus an ceann eile ar chúrsaí oileán agus nithe gaolmhara i gContae na Gaillimhe. Tá na socruithe i ndáil leis na comhdhálacha seo á ndéanamh faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.