Seanad debates

Wednesday, 3 December 2003

Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.

 

Is dushlan mór eile do mo Roinn deiseanna fostaíochta inmharthana a chur ar bun ar na hoileáin. Tá na hoileáin Ghaeltachta ag fáil seirbhís mhaith ó Údaras na Gaeltachta, go háirithe mar thoradh ar scéim nua fiontair a fógraíodh i mbliana do na hoileáin seo. Faoin scéim sin, anuas ar na gnáthdheontais caipitil agus fostaíochta, beidh deontais eile suas go dtí €90,000, nó 80% de na costais bhreise a bhaineann le gnó a bhunú ar oileán, ar fáil faoin scéim de minimis. Tá se inmholta go mbeadh aitheantas den saghas sin tugtha do na hoileáin taobh amuigh den Ghaeltacht a thagann faoi chúram na Ranna Fiontair, Trádála agus Fostaíochta. Le tamall anuas, tá mo Roinn-se ag breathnú ar na féidearthachtaí atá ann ciste fiontair a bhunú do na hoileáin seo i gcomhairle leis an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta. Tá mé sásta a chur in iúl go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an gciste fiontair seo le deireanaí, agus tá súil agam scéim a fhógairt sa bhliain nua.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.