Seanad debates

Wednesday, 3 December 2003

Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.

 

Tá infheistíocht ollmhór déanta agus le feiceáil go soiléir i gcéibheanna oileánda le cúpla bliain anuas, mar shampla, caitheadh níos mó na €1 milliún ar Chéibh Léab Gharbh in Árainn Mhór agus €2.4 milliún ar Chéibh Mhachaire Rabhartaigh le freastal ar Thoraigh agus Inis Bó Finne. Tá €1.75 milliún ceadaithe do Chéibh Rú an Átha le freastal ar Oileán Cliara agus Inis Tuirc agus deontas de bheagnach €11 milliún, an ceann is mó a ceadaíodh ariamh do oileán, tugtha chun forbairtí móra a dhéanamh ar na céibheanna Cliara agus Tuirc iad féin. Anuas air seo, tá pleanáil maidir le mórfhorbairt na gcéibheanna ar na hoileáin Árann ag dul ar aghaidh chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.