Seanad debates

Wednesday, 3 December 2003

Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.

 

Gan dabht ar bith is í rochtain shábhailte an tosaíocht is mó a bhaineann le hinmharthanacht phobail na n-oileán. Go deimhin féin, tá sé aisteach a smaoineamh go bhfuil sé 50 bliain ó thréig daoine na Blascaoidí, agus dá mbeadh na seirbhísí ann ag an am sin atá anois ann, ní tharlódh an rud sin, mar tagann bád farantóireachta isteach go dtí an Bhlascaoid chuile lá, nó cúpla uair sa lá, ach sin mar a bhí an saol, agus seo mar atá an saol. Tá feabhas thar cuimse tagtha ar na seirbhísí farantóireachta ó 1997 – faoi láthair tá 14 seirbhís á maoiniú le hais cúig cinn i 1997. Is fiú a lua chomh maith go bhfuil seirbhísí aeir á maoiniú go dtí na hoileáin Árann chomh maith le seirbhís ingearáin do Thoraigh i rith an gheimhridh. Níl deireadh leis an obair seo go fóill beag. Rinne Ollscoil Cranfield stáidéar ar leith ar sheirbhísí aeir chuig na hoileáin i 2001, agus tá na moltaí sin fós á meas ag mo Roinn. Cheana féin, tá dul chun cinn sásúil á dhéanamh chun aerstráicí a chur ar fáil ar Inis Bó Finne agus ar Oileán Thoraí mar atá geallta i gclár an Rialtais. Ceapadh comhairleoirí le gairid le stáidéar a dhéanamh ar na seirbhísi farantóireachta agus ar an infrastruchtúr atá riachtanach ina leith. Táthar ag súil leis an tuarascáil sin go han-luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.