Seanad debates
Wednesday, 3 December 2003
Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.
Tá se rí-shoiléir go bhfuil lán-tacaíocht tugtha ag an Rialtas seo agus an Rialtas a d'imigh roimhe do chaighdeán saoil na n-oileánach a fheabhsú. Mar shampla, tá an soláthar i leith fhorbairt na n-oileán méadaithe ó faoi bhun €2.5 milliún sa bhliain 1997 go dtí €10 milliún don bhliain seo chugainn, sin é, €7.5 milliún i leith thograí caipitil agus €2.5 milliún i leith thograí reatha. Tá infheistíocht an-mhór déanta le seacht mbliana anuas i gcúrsaí infrastruchtúir na n-oileán, mar a chéile le seirbhísí – agus airím ina measc sin iompar farantóireachta agus aeir, céibheanna, bóithre, soláthar leictreachais agus uisce, cúrsaí slainte agus oideachais.
No comments