Seanad debates

Wednesday, 3 December 2003

Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.

 

Tá mé thar a bheith bródúil go pearsanta as an méid atá bainte amach do na hoileáin le blianta beaga anuas. Is dócha gurbh í an chéad chéim thábhachtach dár tógadh ná coiste idir-Ranna comhordaithe um fhorbairt óileán a bhunú i 1993 chun athbhreithniú a dhéanamh ar straitéisí forbartha do na hoileáin agus na tosaíochtaí sin a mheas. Cuireadh tuarascáil chuimsitheach le chéile agus foilsíodh í sa bhliain 1996. Ba chéim thábhachtach eile í ná freagracht shonrach i leith na n-oileán a bhronnadh ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, a bunaíodh i 1997. Is cúis áthais dom gur thit na dualgais sin ormsa ag an am mar Aire Stáit ag an Roinn sin go dtí 2001 agus arís anuraidh nuair a ceapadh mé mar Aire ar an Roinn seo, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.